Agus do imṫiġeadar an tríur mac fá sine ag Iesse agus do leanadar Saul ċum an ċaṫa: agus do bíad anmanna an triair mac do ċúaiḋ ċum an ċaṫa Eliab an mac fá sine, agus na ḋiáiġ sin Abinadab, agus an treas mac Sammah.
Agus tangadar muinntir Ċíriat‐Iárim, agus rugadar leó súas aírc an TIĠEARNA, agus tugadar a steaċ í go tiġ Abinadab ansa ċnoc, agus do náoṁadár a ṁac Eleásar do ċoiṁéad airc an TIĠEARNA.