Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 16:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Ná féaċ ar a ġnúis, no ar áirde a ṗearsann; do ċionn gur ḋíult misi é: óir ní ḟaiceann an TIĠEARNA mar do ċí duine; óir do ċí an duine an ní ḃías a ḃfiaġnuise a ṡúl, aċd do ċí an TIĠEARNA an croiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 16:7
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ ní raiḃ suim aige a Ccáin, ná ann a ofráil. Agus do ḃí Cáin lán dḟeirg, agus daṫarruiġ a ḋealḃ.


¶ Aċt ní raiḃ a Nisrael uile éanduine ar na ṁolaḋ ċo mór ar a sgiaṁaċd ré Habsolon: ó ḃonn a ċoise go mullaċ a ċinn ní raiḃ tóiġḃeím ar biṫ air.


Agus cred ḟéadus Dáiḃi ráḋ riot nios mó? óir atá fios ṡearḃḟoġantuiġ agadsa, a ṪIĠEARNA Día.


Ann sin cluinsi a ḃflaiṫeaṁnus ann hionad coṁnuiġ féin, ag maiṫeaṁ ḋóiḃ, déana agus taḃair da gaċ áon do reir a ṡliġeaċ, a ḃfuil fios a ċroiḋe agadsa; óir is tusa, ṫusa aṁáin, agá ḃfuíl fios croiḋṫeaċ ċloinne na ndaóine uile;


Cred ḟéadas Dáiḃi do ráḋ riot níos mó arson onóra do ṡearḃḟoġantuiġ? óir atá fios do ṡearḃḟoġantuiġ agad.


¶ Agus ṫusa, a Ṡoluiṁ a ṁic, bioḋ fios Dé haṫar agad, agus deana serḃis dó le croiḋe iomlán agus lé toil aontaḋuiġ: óir spíonuiḋ an TIĠEARNA na huile ċroiḋṫe, agus tuigiḋ sé na huile ḃreaṫnuiġṫe na smuaintiġeaḋ: ma íarrann tú é, do ġeaḃa tú é; aċt má ṫréigionn tú é, teílgfiḋ sé úaḋ ṫú go bráṫ.


Oír riṫid súile an TTIĠEARNA ċuige agus úaḋ ar feaḋ an doṁuin úile, dá ḟoillsiuġaḋ feín láidir do ṫaoḃ na druinge a mbía a ccroiḋe iomlán da ṫaoḃ. Annso do rinne tusa go leaṁ: uimesin ó so amaċ biaiḋ cogaḋ ort.


Annsin cluinsi ó neaṁ hionad coṁnuiḋe féin, agus maiṫ, agus taḃair do gaċ áonduine do réir a ṡliġṫeaċ uile, noċ a ḃfuil fios a ċroiḋe agad; (óir is agadsa aṁáin atá fios croiḋṫeaċ ċloinne na ndaóine:)


An súile colluiḋe atá agad? nó an mar do ċí duine do ċí tú?


Féuċ ar na neaṁuiḃ, agus faic; agus aṁairc na néulla is áirde ná ṫú.


Is aiṫne ḋuit mo ṡuiġe agus méirġe, tuige tú mo smuáineaḋ a ḃfad uáit.


O críoċnuiġeaḋ olc na cciontaċ; aċt daingniġ an duine ceart: óir dearḃuiḋ an Día fíréanta na croiḋṫe agus na duḃáin.


Atá ifrionn agus dioṫlaiṫriuġaḋ as coinne an TIĠEARNA: maiseaḋ ca ṁéid ní is mó ná sin atáid croiḋṫe ċloinne na ndaóine?


Bíd uile ṡliġṫe an duine glan iona ṡúiliḃ féin; aċt coṁṫromuiġ an TIĠEARNA na spioraid.


Má deir tú, Féuċ, ní raíḃ a ḟios aguinn; naċ measann an té sgrúdas na croiḋṫe sin? agus naċ ḃfuil a ḟios ag an té ċuṁduiġios hanamsa, agus naċ ttinḃra sé dá gaċ áon do réir a oibreaċ?


Is meallta an daṫaṁlaċd, agus is díoṁaoin an scéiṁ: aċt an ḃean eagluiġios an TIĠEARNA, is isi ṁolfuiġṫear.


Aċt, a ṪIĠEARNA na slóġ, a ḃreaṫnuiġios go ceart, ḋearḃus na duḃáin agus an croiḋe, faicimsi do ḋioġaltas orrasan: óir is duitsi dfoillsiġ mé mo ċúis.


Misi an TIĠEARNA scrúduim an croiḋe, dearḃuim na duḃáin, eaḋon do ṫaḃairt dá gaċ uile ḋuine do réir a ṡliġṫeaċ, agus do réir toruiḋ a ġníoṁ.


Aċt, a TIĠEARNA na slóġ, ḋearḃus an firéun, agus do ċí na dúḃáin agus an croiḋe, faicim do ḋioġaltas oria: óir as duit doscuil mé mo ċúis.


Agus a duḃairt seision ríu, Is siḃsi an dream ṡáorus siḃ féin a ḃfíaḋnuisi na ndaoine; aċd is aiṫnid do Dia ḃur grioḋeṫe: óir an ní atá fá ṁóirċion a ḃfiáḋnuisi na ndaóine atá sé gráineaṁnil a ḃfiáḋnuisi Dé.


Ná beiríḋ breaṫ do réir na faicsiona, aċd beiriḋ an ḃreaṫ ċeart.


Do réir na féola ḃeirtísi breaṫ, ní ḃeirimsi breaṫ ar áonduine.


Agus ag déanaṁ urnuiġe ḋóiḃ, a duḃradar, As tusa, a Ṫiġearna, aiṫniḋeas croiḋṫe na nuile ḋáoine, foillsiġ cía don díasa do ṫoġ tú.


Oir atáid na litreaċa, (a deirid siad,) niṁneaċ láidir; aċd is meirḃ a ṗearsa a láṫair, agus ní ḃfuil éifeaċd na ḃríaṫruiḃ.


An do réir a ḃfaicseana ṁeasas siḃ neiṫe? Má atá dóṫċas ag áoinneaċ as féin gur lé Críosd é, smuáineaḋ sé so a rís úaḋ féin, aṁuil is ré Críosd eision, gur lé Críosd sinne fós mar an gcéudna.


Agus ní ḃfuil creatúr ar biṫ naċ ḃfuil follas na ḟíaḋnuisision: aċd na huile neiṫe noċduiġe soilléir do ṡúiliḃ an tí ar a ḃfuilmidne ag laḃairt.


An tí ċum a ḃfuil siḃ ar dteaċd, noċ is cloċ béo, do ḋíultaḋ go deiḃin ó ḋaóiniḃ, aċd atá toġṫa mórluáiḋ, ag Día,


Aċd go maḋ hé a maise duine foluiġeaċ an ċróiḋe, a neaṁṫruáilleaḋ, spioruide ceannsa ciúin, noċ is morluáiċ a ḃfíaḋnuise Dé.


Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseaċa uíle gur misi sgrúduiġeóir na nduḃán agus na gcroiḋṫeaċ: agus do ḃéur dá gaċ áon aguiḃse réir ḃur ngníoṁarṫaḋ.


Ná laḃruiḋ ní sa ṁó coṁ anuáiḃreaċsin; nó tigeaḋ díomus amaċ as ḃur mbéul: óir is Día eolġaċ an TIĠEARNA, agus leision meastar na gníoṁarṫa.


Agus do ḃí mac aige, dar ḃainim Sául, toġa duine óig, agus dearcnuiġ; agus ní raiḃ a measc ċloinne Israel pearsa dob arraċda ná é: ó na ġuáilliḃ súas dob áirde é ná éainḟear don ṗobal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ