Ar a naḋḃarsin ṫangadar sinnsir Israel uile ċum an ríġ go Hébron; agus do rinne Dáiḃi cunnraḋ ríu ann Hébron a laṫair an TIĠEARNA; agus do ungadar Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA re Samuel.
Agus laiḃéora tusa ris, agus cuirfe tú bríaṫra íona ḃéul: agus biaiḋ misi maille red ḃéulsa, agus le na ḃéulsan, agus múinfe mé ḋáoiḃ cread do ḋéantáoi:
Agus ar mbeiṫ do Ṡául ar criṫ agus lán dúaṫḃas a duḃairt sé, A Ṫiġearna, créud is áil leaċd do ḋéunaṁ ḋaṁ? Agus a duḃairt an Tiġearna ris, Eiriḋ, agus imṫiġ a sdeaċ don ċaṫruiġ, agus foillséoċar ḋuit créud is cóir ḋuit a ḋéunaṁ.
A máraċ timċioll na húairesi cuirfe mé duine ċugad as tír Ḃeniamin, agus ungfuiḋ tú é ċum ḃeiṫ na ċaiptín ós cionn mo ṗobail Israel, go sáorfa sé mo ṗobal ó láiṁ na Ḃṗilístineaċ: óir dféaċ mé air mo ṗobal, do ċionn go ttáinic a ccoṁairc ċugam.