Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 16:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus ṫáinic Daiḃi go Saul, agus do ṡeás dá laṫair: agus do ḃí gráḋ mór aige air; agus do ḃí na ḟear iomċarṫa a airm aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 16:21
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí Ióseṗ trioċad bliáḋan dáois a nuáir do ṡeas se a laṫair Ṗárao ríġ na Hégipte: agus do ċuáiḋ Ióseṗ amaċ as fiaġnuisi Ṗárao, agus do ċuaiḋ ar feaḋ críċe na Hégipte.


Is sona atáid do ḋaóine, sona atáid so do ṡerḃísiġ, noċ ṡeasas a ccoṁnuiġe ad laṫair, agus ċluinneas do ċríonnaċd.


Is fearr dóiġ do ċur annsa TIĠEARNA ná dóiġ do ċur a bprionnsaḋuiḃ.


Ná cuiriḋ ḃur ndóiġ a bprionnsuiġiḃ, nó a mac an duine, ann naċ ḃfuil sláinte.


Go deiṁin is díoṁaóineas clann na ndaóine uirísiol, is bréug clann na ndaóine móra: ar na ccur a néainfeaċd a meaḋuiḃ, is éattruime íad ná an díoṁaóineas.


An ḃfáicionn tú dúine díṫċiollaċ iona ġnoṫuiġiḃ? seasfuiḋ sé a laṫair ríoġ; ní a laṫair ḋaoine uirísiol ṡeasfas sé.


Aċd Ioṡua ṁac Nun, noċ ṡeasfas ad laṫair raċaiḋ sé ann a steaċ: cuir meisneaċ ann: óir do ḃéura sé ar Israel an noiġreaċd do ṡealḃúġaḋ.


¶ Ann sa namsin do ḋealuiġ an TIĠEARNA treaḃ Léḃi, diomċar aírce ċunnarṫa an TIĠEARNA, do ṡeasaṁ as coinne an TIĠEARNA do ṁiníostralaċd dó, agus do ḃeannuġaḋ iona aínm, gus an lá a niuġ.


Ann sin do ġoir sé go lúaṫ ar an nóganaċ do iomċraḋ a airm, agus a duḃairt sé ris, Tarruing do ċloiḋeaṁ agus marḃ mé, ċor naċ aibeoruid daóine riom, Do ṁarḃ bean é. Agus do ṡáiṫ an tógánaċ ṫríd, go ḃfuáir sé bás.


Agus do ċuir Saul fios ċum Iesse, ga ráḋ, Guiḋim ṫá, léig do Ḋáiḃi seasaṁ am laṫairsi; óir fuáir se faḃar am raḋarc.


Aċ dimṫiġ dáiḃi agus dfill sé ó Ṡaul do ċoiṁéad cáoraċ a aṫar a Mbet‐lehem.


¶ Agus a núair do ċonnairc Saul Dáiḃi ag dul amaċ a naġaiḋ an Ṗilistiniġ, a duḃairt sé ré Habner, caiptín an tslóiġ, Abner, cía ḋar mac an tógáuaċsa? Agus a duḃairt Abner, Mar ṁaírios hanum, a riġ, ní ḟeidir misi sin.


Agus do ġoir Ionatan ar ḋáiḃi, agus do ṫaisbéin Ionatan na neiṫesi uile ḋó. Agus ṫug Ionatan Daiḃi ċum Sauil, agus do ḃí ḋá laṫair mar na huáiriḃ roiṁe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ