Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 16:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Ann sin do ḟreagair aon do na serḃíseaċaiḃ, agus a duḃáirt, Féuċ, do ċonnairc misi mac do Iesse an Betlehemíteaċ, noċ atá eólaċ a seinm, agus na ḋuine ro láidir ġaisgeaṁuil, agus na ḟear cogaiḋ, agus glic a ccúisiḃ, agus na ḟear sgíaṁaċ, agus atá an TIĠEARNA maille rís.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 16:18
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí an TIĠEARNA maille re Ioseṗ, agus do ḃí na ḋuine sona; agus do ḃí sé a ttiġ a ṁaiġistir an Tégipteaċ.


Ni ḟéuċaḋ fearcoiṁéad an ṗríusúin do ní ar biṫ dá raiḃ fá na láiṁ: do ċionn go raiḃ an TIĠEARNA maille rision; agus gaċ ní dá ndéanaḋ sé go gcuireaḋ an TIĠEARNA raṫ aír.


Do ṫaḃairt na cúisisi timċioll san ḃfoirm ċaintesi do rinne do ṡearḃḟoġantuiġ Ióab an nísi: agus atá mo ṫiġearna glic, do réir ġliocuis aingil Dé, daiṫne gaċ uile neiṫe dá ḃfuil ar an ttaluṁ.


Agus fós an té atá curata, a ḃfuil a ċroíḋe mar ċroiḋe leoṁuin, leaġfuiḋ sé go hiomlán: óir atá a ḟios ag Israel uile gur duine cróḋa haṫair, agus an luċd atá na ḟoċaír gur dáoine cróḋa íad.


Oír, atá a ḟios agadsa (ar sa Ċusai,) go ḃfuil haṫair, agus a ḋaoíne na ḃfearuiḃ cróḋa, agus go ḃfuilid air lasaḋ na ninntin, mar ṁaṫġaṁuin do ċoillfeaḋ a cuiléin sa maċaire: agus fear cogaiḋ haṫair, agus ní ċoiṁneoċa se a noċd a ḃfoċair an ṗobail.


Molfuiġṫear duine do réir a eagna: aċt dísbeagfuiḋṫior an té agá mbía croiḋe urċóideaċ.


Taḃair dod aire, bíaiḋ maiġdean tórraċ, agus bearuiḋ sí mac, agus do ḃéaruiḋ tú Emmanuel dainm air, noċ ar na ṁiniuġaḋ, iseaḋ, Día maille rinn.


Agus teaguisgiḋ íad gaċ uile ní dár, aiṫín misi ḋiḃ do ċoiṁéud: agus, féuċ, a táimsi ḃur ḃfoċair gaċ éinla go deireaḋ an tsaoġail. Amen.


Agus go maḋ haṁluiġ ḃías, a nuáir ṫíucfaid na coṁarṫuiġesi ort, go ndéana tú do reír mar ḃías ocáid agad; oír atá Día maille riot.


Agus do ċuir sé fios air, agus ṫug a steaċ é. Bá dearg, agus scíaṁaċ a ndeilḃ é, maille re bréaḋaċd súl. Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Eíriġ agus ungaiḋ é: óir as e so eision.


Agus a duḃairt Saul re na ṡeirḃíseaċaiḃ, Faġaiḋ ḋaṁ anois duine ḟéadas seinm go maiṫ, agus tugaiḋ ċugam é.


Uime sin do ċuir Saul teaċda go Iesse, agus a duḃairt, Cuir ċugam Dáiḃi do ṁac, noċ áta ag an tréad.


¶ Anois Dáiḃi bá mac é don Néṗrátiteaċsin ó Ḃetlehem‐Iudah, dar ḃamm Iesse; agus do ḃádar oċdar mac aige: agus do ḃí an tóglaċ mar ḋuine ḟoirfe a measg na ndaóine a láeṫiḃ Ṡauil.


¶ Agus dfás Samuel, agus ḃí an TIĠEARNA maille leis, agus níor leig aonḟocal dá ċoṁráḋ tuitim ċum na talṁan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ