Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Gá fad ḃías tú ag dó ḃrón tre Ṡaul, ó ċuir misi ar gcúl é ó ḃeiṫ na ríġ ós cionn Israel? líon haḋarc dola, agus imṫiġ, cuirfiḋ misi ṫú ċum Iesse an Betlehemíteaċ: do ṫoġ mé ríġ ḋaṁ féin a measc a ṁac.
Abraḋ ar TTIĠEARNA anois re na ṡerḃíseaċaiḃ, atá ḋa laṫair, duine íarruiḋ, noċ ṡeinnios go gasda ar ċláirsiġ: agus is aṁluiḋ ḃías, a nuair ṫiocfas an droiċspiorad ó Ḋía ort, go seinnfiḋ seision le na láiṁ, agus go mbía tusa go maiṫ.
¶ Agus tárla ar na ṁáraċ, go ttáinic an droiċspiorad ó Ḋía ar Ṡaul, agus do rinne sé fáiḋeadóireaċd a lár an tiġe: agus do ṡeinn Dáiḃi le na láiṁ mar uáiriḃ oile: agus do ḃí bunnsaċ a láiṁ Ṡauil.