Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 16:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Ann sin do ġlac Samuel a naḋarc ola, agus do ungaiḋ eision a lár a ḋearḃráiṫreaċ: agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA ar Ḋáiḃi ón lósin amaċ. Ann sin déiriġ Samuel súas, agus do ċúaiḋ go ramah.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 16:13
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus a duḃairt Nátan re Dáiḃi, Is tusa an duine. Is mar so a deir an TIĠEARNA Día Israel, Do unguiḋ misi ṫú ad ríġ ós cionn Israel, agus do ṡáor mé ṫú as láiṁ Ṡauil;


Agus tangadar muínntir Iúdah, agus do ungadar Dáiḃi ann sin na ríġ ós cionn ṫiġe Iúdah. Agus dinnisiodar do Ḋáiḃi, ġa ráḋ, Dob íad muinntir Iabesgílead do aḋluic Saul.


Anois a síad so bríaṫra deiġionaċa Ḋáiḃi. Duḃairt Dáiḃi ṁac Iessé, agus a duḃairt, an té do tógḃaḋ súas go hárd, ungṫaċ Dé Iácob, agus sailmċéolaċ binn Israel:


Mar sin ṫangadar sinnsir Israel uile gus an ríġ go Hébron; agus do rinne Dáiḃi ríġ ceangal ríu ann Hébron a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA: agus do ungadar Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel.


Agus déiriġ seision, agus do ċuáiḋ don tiġ; agus do ḋóirt sé a nola ar a ċeann, agus a duḃairt ris, Is marso déir an TIĠEARNA Día Israel, Do úng mé ṫú ad ríġ ós cionn ṗobuil an TIĠEARNA, eaḋon ós cionn Israel.


Ar a naḋḃarsin ṫangadar sinnsir Israel uile ċum an ríġ go Hébron; agus do rinne Dáiḃi cunnraḋ ríu ann Hébron a laṫair an TIĠEARNA; agus do ungadar Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA re Samuel.


Fuáir mé Dáiḃi mo ṡerḃíseaċ; rem ola náoṁṫa dunguiḋ mé é:


Le a mbiaiḋ mo láṁ go diongṁalta: neartoċaiḋ fós mo ríġ é.


Agus tiucfa misi a nuas agus laḃeóra me riot annsin: agus beanfa mé don spioraid atá ortsa, agus cuirfe mé orrasan é; agus iomċóruid siad úalaċ na ndáoine leaċtsa, íonnus naċ niomċoruiḋ tusa leaċd féin é.


¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Glac ċugad Iosua ṁac Nun, duine iona ḃfuil an spiorad, agus cuir do láṁ air;


Oír an té do ċuir Día uáḋ laḃraiḋ sé bríaṫra Dé: oír ní do réir ṁiosuir ḃeir Día an Spiorad dó.


Agus ar na áṫruġaḋ súd ḋó, do ṫóg sé súas Dáiḃí na ríġ ḋóiḃ; dá ndearnaiḋ sé mar an gcédna fíaḋnuise, ag ráḋ, Fuáir mé Dáiḃí mac Iesse, na ḋuine do réir mo ċroiḋe féin, noċ do ḋéunaiġ mo ṫoil uile.


Do gráḋuiġ tú an ḟiréuntaċd, agus do ḟúaṫuiġ tú a néugcóir; uime sin do ung Día, do Ḋía féin ṫú, ré hóla an ġáirdeaċuis ós cionn do ċompánaċ.


Agus créd a déuruinn ní sa ṁó? óir do ḃíaḋ a naimsir ro ġearr agum ré ḃeiṫ ag cráoḃsgaóileaḋ ar Ġedéon, agus ar Ḃárac, agus ar Ṡampson, agus ar Ieṗtaé; agus ar Ḋáiḃi, agus Ṡamuel, agus ar na fáiḋiḃ:


¶ Ann sin ṫáinic spiorad an TIĠEARNA ar Ieṗtah, agus do ċúaiḋ sé ṫar Ġílead anonn, agus ṫar Ṁanasseh, agus do ċuáiḋ ṫar Ṁispeh Ġílead, agus ó Mispeh Ġílead do ġluáis e ṫairis go ċloinn Ammon.


Agus do ṫosuiġ spiorad Dé ar a ċorruġaḋ ar úairiḃ a ccampa Ḋan edir Ṡorah agus Estoal.


Agus ṫáinic spiorad an TIĠEARNA go cuṁaċdaċ air, agus do réub sé e mar do réabfaḋ meannán, agus ní raiḃ éinní aige iona laíṁ: aċd níor innis dá aṫair nó ḋá ṁaṫair cred do rinne sé.


Agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA air, agus do ḃreaṫnuiḋ sé an Israel, agus do ċúaiḋ amaċ do ḋéanaṁ cogaiḋ: agus ṫug an TIĠEARNA Ċusan‐risataim ríġ Ṁesopotámia ann a láiṁ; agus do búaḋuiġ a láṁ a naġaiḋ Ċusanrisataim.


¶ Agus do éirġeadar súas ar maidin go moċ, agus do aḋradar a laṫair an TIĠEARNA, agus do ḟilleadar, agus tangadar ḋá ttiġ go Rámah: agus do ḃí Elcanah ag a ṁnaoi Hannah; agus do ċuiṁniġ an TIĠEARNA uirre.


An sin do ġlac Samuel soiṫeaċ ola, agus do ḋóirt air a ċeann é, agus do ṗóg é, agus a duḃairt, Naċ uime dungaiḋ an TIĠEARNA ṫu ċum ḃeiṫ ad ċaiptín ós cionn a oiġreaċda?


Agus tiucfa spiorad an TIĠEARNA ortsa, agus do ḋéana tu faiḋeadóireaċd leó, agus iompóċar ṫú ad ḋuine eile.


Agus ṫainic spiorad Dé ar Ṡaul a nuáir do ċúala sé na scéula sin, agus do las a ḟearg go ro ṁór.


Ann sin do ḟreagair aon do na serḃíseaċaiḃ, agus a duḃáirt, Féuċ, do ċonnairc misi mac do Iesse an Betlehemíteaċ, noċ atá eólaċ a seinm, agus na ḋuine ro láidir ġaisgeaṁuil, agus na ḟear cogaiḋ, agus glic a ccúisiḃ, agus na ḟear sgíaṁaċ, agus atá an TIĠEARNA maille rís.


¶ Agus do ḃí eagla ar Ṡaul roiṁe Ḋáiḃi, do ċionn go raiḃ an TIĠEARNA maille ris, agus gur imṫiġ sé ó Ṡaul.


Agus tóigfe mé súas daṁ féin sagart lán dfirinne, noċ ḋéanas do réir mar atá ann mo ċroiḋe, agus ann minntinn: agus tóigfe mé tiġ daingion dó; agus siuḃoluiḋ sé roiṁe mo ungṫaċ go bráṫ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ