Agus do ṫeiṫiodar an ċuid oile go Haṗec, don ċaṫair; agus do ṫuit balla ar ṡeaċd míle ḟiṫċiod fear dar fágḃaḋ. Agus do ṫeiṫ Ben‐hadad, agus ṫáinic don ċaṫruiġ, go seomra a ḃfad a steaċ.
Tareis na neiṫeánn so do ṁéuduíġ an ríġ Ahasuerus Háman mac Ammedata an Tagagiteaċ, agus dárduiġ é, agus do ċuir sé a ionad suiḋe ós cionn na huile ṗrionnsaḋ da raiḃ aige.
Agus do ġaḃ í, agus a ríġ, agus a caiṫreaċa uile; agus do ḃuaileadar íad lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus do ṁarḃadar a raiḃ danmannuiḃ innte; níor ḟág aon béo: mar do rinne sé re Hébron is mar sin do rinne re Debir, agus re na ríġ; mar do rinne fós re Libnah, agus re na ríġ.
¶ Agus do ġaḃ Iosua caiṫreaċa na ríġṫeaḋ sin uile, agus a ríġṫe uile, agus do ḃuáil íad lé fáoḃar au ċloiḋiṁ, agus do scrios ṫrid amaċ íad, mar do aiṫin Maóise seirḃíseaċ an TIĠEARNA.
Agus a duḃairt Saul ré Samuel, Ní heaḋ, do uṁluiḋ misi do ġuṫ an TIĠEARNA, agus do ċuáiḋ mé san tsliġe ionar ċur an TIĠEARNA mé, agus ṫug mé Agag ríġ na Namaleciteaċ liom, agus do scrios mé na Hamalecitiġ uile.
Anois éiriġ agus buáil Amalec, agus léirscrios gaċ uile ní dá ḃfuil aca, agus na coigil íad; aċ marḃ an ḃean agus an fear, an leanaṁ agus naoiḋe na cíċ, an daṁ agus an ċáora, an cáṁall agus an tassal.
Agus do ḃúail sé Nob, caṫair na sagart, le fáoḃar an ċloiḋiṁ, éidir ḟear agus ṁnáoi, leanaṁ agus náoiḋeanán, agus eidir ḋaṁuiḃ, agus assaluiḃ, agus ċaorċaiḃ, le fáoḃar an ċloiḋiṁ.
Agus tárla, a nuáir do ḃí Dáiḃi agus a ṁuinntir ar tteaċd go Siclág ar an treas lá, gur ionnsuiġeadar na Hamalecítiġ an táoḃ ó ḋeas, agus Siclag, agus do airgeadar Siclag, agus do loisceadar í le teiniḋ;