Ann sin déiriġ Dáiḃi don taluṁ, agus dionnuil sé, agus do ċuir ola air féin, agus do áṫruiġ a éadaċ, agus ṫáinic go tiġ an TIĠEARNA, agus do aḋuir: ann sin ṫáinic sé ḋá ṫiġ féin; agus a nuáir do íarr, do ċuireadar arán ann a ḟiaḋnuise, agus dúaiġ sé e.
Agus a duḃairt Samuel re Saul, Ní ḟillfe misi leaċd: óir do ṫarcuisniġ tú focal an TIĠEARNA, agus doṫarcuisniġ an TIĠEARNA ṫusa ó ḃeiṫ ad ríġ ar Israel.
Ann sin a duḃairt sé, Do ṗeacaiḋ mé: giḋeaḋ guiḋim ṫú, onóruiġ mé anois, roiṁe ṡeanuiḃ mo ṗobail, agus roiṁe Israel, agus iompoiġ liom a rís, go naḋraiḋ mé do ṪIĠEARNA Día.
¶ Ann sin a duḃairt Samuel, Taḃairsi leaċd annso ċugamsa Agag ríġ na Namaleciteaċ. Agus ṫáinic Agag súas ċuige go cóiriġṫe. Agus a duḃairt Agag, Go deiṁin do ċuáiḋ searḃadus an ḃáis seaċad.