30 Ann sin a duḃairt sé, Do ṗeacaiḋ mé: giḋeaḋ guiḋim ṫú, onóruiġ mé anois, roiṁe ṡeanuiḃ mo ṗobail, agus roiṁe Israel, agus iompoiġ liom a rís, go naḋraiḋ mé do ṪIĠEARNA Día.
Agus a duḃairt Dáiḃi re Nátan, Do ṗeacaiḋ mé a naġaiḋ an TIĠEARNA. Agus a duḃairt Nátan ré Dáiḃi, Do ċuir an TIĠEARNA mar an gcéadna do ṗeacaḋsa ar gcúl; ní ḃfuiġe tú bás.
Agus do ċuir Ṗárao, fios ar Ṁaóisi agus air Aáron, agus do ráiḋ riú, Do ṗeacuiḋ mé a nuairsi: atá an TIĠEARNA firéunta, agus átaimsi agus mo ṁuinntir go holc.
¶ Uime sin a dúḃairt an Tiġearna, Do ḃríġ go ttairingid an ṁuinntirse láiṁ riom le na mbéul, agus go nonóruiġid le na bpuisiniḃ mé, aċt gur áṫruiġeadar a ccroiḋe a ḃfad uáim, agus gur múineaḋ a neagla dom ṫaóiḃsi maille re aiṫne ḋaóine:
¶ Ann sin a duḃairt Saul, Do ṗeacaiḋ mé; fill, a ṁic a Ḋáiḃí: óir ní ḋéansa doċar ḋuit ní ḃus mó, do ċionn go raiḃ manum mórluaiġ ad raḋarc a niuġ; féuċ, do rinné mé amadánaċd, agus do ċúaiḋ me ar seaċrán go hiomarcaċ.