Anois ċeana déanuiḋ é: óir do laḃair an TIĠEARNA, a ttáoḃ Ḋáiḃi, ḋa ráḋ, Le láiṁ mo ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi ṫárṫoċus misi mo ṗobal Israel as láiṁ na Ḃṗilistíneaċ, agus as láiṁ a náṁad uile.
Agus a duḃairt Dáiḃi re Miċal, Is do laṫair an TIĠEARNA, noċ do ṫoġ misi roiṁe haṫairsi, agus roiṁe a ṫiġ uile, dom órduġaḋ mar úaċdarán ós cionn ṗobail an TIĠEARNA, ós cionn Israel: uíme sin do ḋéana mé gáirdeaċus a laṫair an TIĠEARNA.
Uime sin a duḃairt an TIĠEARNA re Solaṁ, Do ḃríġ go ndéarna tusa so, agus nar coṁuill tú mo ċunnraḋsa agus mo reaċda, do aiṫin mé ḋíot, fuaideoċaiḋ misi go deiṁin an rioġaċd uáit, agus do ḃéara mé dot ṡearḃḟoġantuiġ í.
Is lé hórduġaḋ na ḃfear faire atá an ċúis si, agus an tíarratus lé bréiṫir na náon náoṁṫa: ċor go mbí a ḟios aig an mbeó go ríaġluiġionn an té is ro Airde a rioġaċt na ndaóine, agus go ttaḃair í don té is áill leis, agus go ccuirionn súas ós a cionn an té is uirísle do na daóiniḃ.
Agus díbeoruid síad ó ḋaoiniḃ ṫú, agus biáiḋ háitreaḃ a ḃfoċair ḃeaṫaċ an ṁaċaire: do ḃéuruid ort féur diṫe aṁuil daiṁ, agus raċuid seaċd naimsiora ṫort, nó go raiḃ a ḟios agad gur bé an té is ro Airde ríaġlus a rioġaċd na ndaóine, agus go ttugann í don té da ttogrann féin.
Agus ar na áṫruġaḋ súd ḋó, do ṫóg sé súas Dáiḃí na ríġ ḋóiḃ; dá ndearnaiḋ sé mar an gcédna fíaḋnuise, ag ráḋ, Fuáir mé Dáiḃí mac Iesse, na ḋuine do réir mo ċroiḋe féin, noċ do ḋéunaiġ mo ṫoil uile.
Aċt anois ní ṡeasfuiḋ do rioġaċd: díarr an TIĠEARNA duine ḋó féin do réir a ċroiḋe féin, agus do aiṫin an TIĠEARNA ḋé ḃeiṫ na ċaiptin os cionn a ḋaoine, do ċionn nar ċoṁéad tusa an ní do ḟuágair an TIĠEARNA ḋuit.
Agus do ċuir sé fios air, agus ṫug a steaċ é. Bá dearg, agus scíaṁaċ a ndeilḃ é, maille re bréaḋaċd súl. Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Eíriġ agus ungaiḋ é: óir as e so eision.
Agus do ḃí Saul ro ḟeargaċ, agus do ġoill an ċáintsin air go mór; agus a duḃairt sé, Do ċuireadar deiċ mílte a leiṫ Ḋáiḃi, agus niór ċuireadar am leiṫsi aċd mílte: agus cred dob áill léis dfaġáil níos mó aċd an rioġaċd?
Agus tiucfa a gcríċ, a núair do ḋéana an TIĠEARNA dom ṫiġearna do réir gaċ uile maiṫeasa dar laḃair sé dot ṫaóḃsa, agus óirdeoċus sé ṫú ad úaċdarán ós cionn Israel;