Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 15:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus a duḃairt Samuel re Saul, Ní ḟillfe misi leaċd: óir do ṫarcuisniġ tú focal an TIĠEARNA, agus doṫarcuisniġ an TIĠEARNA ṫusa ó ḃeiṫ ad ríġ ar Israel.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 15:26
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt seision, Ni raċa mo ṁacsa liḃ síos; óir déug a ḋearḃraṫair, agus do fágḃaḋ eision na áonar; mé ḃeanann tubuisde ḋó sa tsliġe ann a raċṫaóisi, ann sín béurṫaoi mo ġrúaglíaṫsa maille re dóbrón ċum na huáiġe.


Créd fár ṫarcuisniġ tú aiṫne an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ uile dá laṫaír? do ṁarḃ tú Uriah an Hititeaċ leis an ccloiḋeaṁ, agus ṫug tú a ḃean da beiṫ na mnáoi agad féin, agus do ṁarḃ tú é le cloiḋeaṁ ċloinne Ammon.


Aċt ní ḋeileoċaiḋ mo ṫrócaire ris, mar do rugas í ó Ṡaul, noċ do ċuir mé ar siuḃal roṁadsa.


Eíst, a ṫaluiṁ: féuċ, do ḃéara mé olc ar an muinntirsi, eaḋon toraḋ a smúaintiġe, do ḃríġ nár éisteadar rem ḃríaṫruiḃ, nó rem ḋliġeaḋ, aċt a tarcuisniuġaḋ.


Ṫug mé ríġ ḋuit ann mfeirg, agus rug mé liom é ann mo ḋíḃḟeirg.


¶ Do scriosaḋ mo ḋáoine do ḋíṫ éoluis: do ḃríġ gur ṫarcuisniġ tú éolus, tarcuisneoċa misi ṫusa mar an ccéadna, ċor naċ biáiḋ tú ad ṡagart agum: ó ḋearmuid tú dliġeaḋ do Ḋé, dearmodfa misi mar an ccéadna do ċlannsa.


Agus ar na áṫruġaḋ súd ḋó, do ṫóg sé súas Dáiḃí na ríġ ḋóiḃ; dá ndearnaiḋ sé mar an gcédna fíaḋnuise, ag ráḋ, Fuáir mé Dáiḃí mac Iesse, na ḋuine do réir mo ċroiḋe féin, noċ do ḋéunaiġ mo ṫoil uile.


Oír an tí ḃeannuiġeas dó atá sé pártaċ ré na ḋroċġníoṁarṫuiḃ.


Aċt anois ní ṡeasfuiḋ do rioġaċd: díarr an TIĠEARNA duine ḋó féin do réir a ċroiḋe féin, agus do aiṫin an TIĠEARNA ḋé ḃeiṫ na ċaiptin os cionn a ḋaoine, do ċionn nar ċoṁéad tusa an ní do ḟuágair an TIĠEARNA ḋuit.


Oír ionann dul an neasurramaċd agus peacaḋ piseóguiġ, agus easuṁla ionnán agus éaigceart agus ioḋaláḋraḋ. Do ċionn gur ṫarcuisniġ tú focal an TIĠEARNA, do ṫarcuisniġ seision ṫusa mar an gcéadna ó ḃeiṫ ad ríġ.


Mar sin do ḟill Samuel a rís a ndiáiġ Ṡauil; agus do aḋair Saul an TIĠEARNA.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Gá fad ḃías tú ag dó ḃrón tre Ṡaul, ó ċuir misi ar gcúl é ó ḃeiṫ na ríġ ós cionn Israel? líon haḋarc dola, agus imṫiġ, cuirfiḋ misi ṫú ċum Iesse an Betlehemíteaċ: do ṫoġ mé ríġ ḋaṁ féin a measc a ṁac.


Uime sin a deir TIĠEARNA Día Israel, A duḃairt mé go deiṁin go sioḃólaḋ do ṫiġse, agus tiġ haṫar, am ḟiaḋnuisi go bráṫ: aċt anois a deir an TIĠEARNA, Bíoḋ sin a ḃfad uáim; óir an luċd onóruiġios mé a síad do ḋéansa onóruġaḋ, agus an luċd ṫarcuisniġios mé buḋ ḃeag a meas.


Do ḃríġ nar uṁluiġ tusa do ġuṫ an TIĠEARNA, agus naċ ar ḋioġail tú á ḟearg ḋíḃḟeirgeaċ ar Amalec, uimesin do rinne an TIĠEARNA an ní si riotsa a niuġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ