24 ¶ Agus a duḃairt Saul re Samuel, Do ṗeacaiḋ mé: óir do ṡáruiġ mé aiṫne an TIĠEARNA, agus do ḃriaṫrasa: do ċionn gur raiḃ eagla an ṗóbail orm, agus gur áontoiġ mé ḋá nglor.
Agus a duḃairt sé ré Haḋaṁ, Do ḃriġ go ttug tú éisdeaċd do ġuṫ do ṁná, agus gur iṫ tú don ċrann, ar aiṫin misi ḋíot, dá ráḋ, Ní íosa tú ḋe; atá an talaṁ mallaiġe ar do ṡon; a ndoilġios íosas tú ḋe ar feaḋ uile laéṫe do ḃeaṫa;
Agus a duḃairt Dáiḃi re Nátan, Do ṗeacaiḋ mé a naġaiḋ an TIĠEARNA. Agus a duḃairt Nátan ré Dáiḃi, Do ċuir an TIĠEARNA mar an gcéadna do ṗeacaḋsa ar gcúl; ní ḃfuiġe tú bás.
Ad haġaiḋsi, féin aṁáin, do ṗeacaiḋ mé, agus ad raḋarcsa do rinneas an tolc: ċum go ḃfíoruiġṫear ṫusa ann hurlaḃra, agus go raḃair fíorġlan ann do ḃreiṫeaṁnus.
Agus do ċuir Ṗárao, fios ar Ṁaóisi agus air Aáron, agus do ráiḋ riú, Do ṗeacuiḋ mé a nuairsi: atá an TIĠEARNA firéunta, agus átaimsi agus mo ṁuinntir go holc.
Agus a duḃairt Bálaam re haingeal an TIĠEARNA, Do ṗeacaiḋ mé; óir ní raiḃ a ḟios agam gur ṡeas tusa annsa tsliġe am aġuiḋ: nime sin annois, muna buḋ toil leaċd é, fillfe misi ar mais a rís.
Oír a nois an íad dáoine, nó a né Día ṫeaguisgim? nó a ní toil na ndáoine íarruim a ḋéunaṁ? go deiṁin dá mbéinn gus a nois ag déunaṁ toil na ndáoine, ní ḃéinn um ṡearḃḟoġantuiḋe ag Críosd.
Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.
Agus a duḃairt Saul, O na Hamaleciteaċaiḃ ṫugadar íad: óir do ċoigleadar na daóine an ċuid do bféarr do na cáorċuiḃ agus do na daṁuiḃ, do ioḋbairt dot ṪIĠEARNA Díase; agus do scriosamar ṫríd amaċ an ċuid eile.
Ann sin a duḃairt sé, Do ṗeacaiḋ mé: giḋeaḋ guiḋim ṫú, onóruiġ mé anois, roiṁe ṡeanuiḃ mo ṗobail, agus roiṁe Israel, agus iompoiġ liom a rís, go naḋraiḋ mé do ṪIĠEARNA Día.
Aċ do ċoigil Saul agus a nahuinntir Agag, agus an ċuid do bfeárr do na cáorċuiḃ, agus do na daṁuiḃ, agus do na méaṫuiḃ, agus do na huanuiḃ, agus gaċ éinni ḃí go maiṫ, agus nior ḃáill leó a léirsgrios: aċd gaċ einni ḋá raiḃ míṁeasta agus tarcuisneaċ, do scriosadar íad sin go hiomlán.
Cred fá bpreabann siḃ air míoḋbairt agus air mofráil, noċ do órduiġ mé ann mo ṫiġ; agus go nonóruiġíonn tú do ṁic ós mo ċionnsa, da ḃur ndéanaṁ féin méiṫ le príoṁċuid gaċá hofrála mo ṗobail Israel?
¶ Ann sin a duḃairt Saul, Do ṗeacaiḋ mé; fill, a ṁic a Ḋáiḃí: óir ní ḋéansa doċar ḋuit ní ḃus mó, do ċionn go raiḃ manum mórluaiġ ad raḋarc a niuġ; féuċ, do rinné mé amadánaċd, agus do ċúaiḋ me ar seaċrán go hiomarcaċ.