Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 15:23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Oír ionann dul an neasurramaċd agus peacaḋ piseóguiġ, agus easuṁla ionnán agus éaigceart agus ioḋaláḋraḋ. Do ċionn gur ṫarcuisniġ tú focal an TIĠEARNA, do ṫarcuisniġ seision ṫusa mar an gcéadna ó ḃeiṫ ad ríġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 15:23
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuáiḋ Lában á lomaḋ a ċáoraċ: agus do ġoid Ráċel na híoṁáiġe bá lé na haṫair.


A nois do ġaḃ Ráċel na híoṁaiġe, agus do ċuir a nuġaim na ccaṁull íad, agus do ṡuiġ orra: agus do spíon Laban an pubuil eile, aċ ní ḃfuáir sé íad.


Créd fár ṫarcuisniġ tú aiṫne an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ uile dá laṫaír? do ṁarḃ tú Uriah an Hititeaċ leis an ccloiḋeaṁ, agus ṫug tú a ḃean da beiṫ na mnáoi agad féin, agus do ṁarḃ tú é le cloiḋeaṁ ċloinne Ammon.


Aċt ní ḋeileoċaiḋ mo ṫrócaire ris, mar do rugas í ó Ṡaul, noċ do ċuir mé ar siuḃal roṁadsa.


¶ Mar sin déug Saul ar son a ṗeacaiḋ, noċ do rinne sé a naġaiḋ an TIĠEARNA, eaḋon a naġaiḋ ḃreiṫre an TIĠEARNA, nar coiṁéad sé, agus mar an ccéadna do ċionn coṁairle díarruiḋ ar aon agá raiḃ leannán síṫe, dfíafruiġe ḋé;


¶ Agus ṫusa, a Ṡoluiṁ a ṁic, bioḋ fios Dé haṫar agad, agus deana serḃis dó le croiḋe iomlán agus lé toil aontaḋuiġ: óir spíonuiḋ an TIĠEARNA na huile ċroiḋṫe, agus tuigiḋ sé na huile ḃreaṫnuiġṫe na smuaintiġeaḋ: ma íarrann tú é, do ġeaḃa tú é; aċt má ṫréigionn tú é, teílgfiḋ sé úaḋ ṫú go bráṫ.


Oír cuiriḋ sé míríaġuil a cceann a ṗeacuiḋ, buailiḋ sé a ḃasa ar measg, agus méaduiġiḋ sé a ḃríaṫra a naġaiḋ Dé.


Do ḃríġ gur ċaṫuiġeadar a naġaiḋ ḃríaṫra Dé, agus gur ṫarcuisniġeadar coṁairle an té is Airde:


Ní ḟuíleonga tú bean ṗiseógaċ do ṁarṫuinn.


Agus failleoċuiḋ spiorad na Hégipte iona lár; agus díoḃaiġfe misi a coṁairle: agus íarrfuid siad ċum na ioḋaliḃ, agus ċum na neasarluiġṫeoiriḃ, agus ċum na druinge agá mbí leannáin síġṫe, agus ċum na ḃfaistíneaċ.


Agus a núair a déaruid síad riḃsi, Iarruiḋ ar an ṁuinntir agá mbíd spioruid ṁuinntearḋa, agus ar ḟáistineaċaiḃ ṗiobas, agus ċannranus: naċ ar ċóir do ḋaóiniḃ íarruiḋ ar a Ndía féin? na mairḃ ar son na mbéo?


Agus go ndearnaḃairsi ní as measa náid ḃur naiṫre; óir, féuċ, siúḃluiġ gaċ uile ḋuine aguiḃ do réir smuáiniġ a droċċroiḋe féin, ċor naċ féidir léo éisteaċd riomsa:


Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, teilgfiḋ mé ṫusa do ġnúis na talṁan: éugfuiḋ tú annsa mblíaḋuinsi, do ḃríġ gur mbúin tú easuṁlaċt a naġaiḋ an TIĠEARNA.


Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, diġeola mé ar Ṡemaiah an Nehelamiteaċ, agus air a ṡlioċd na ḋiáiġ: ní ḃiáiḋ duine aige áitreoḃus a measc na ndaóinesi; ní mó ċífiḋ sé an ṁaiṫ do ḋéana mé air mo ṗobal, a deir an TIĠEARNA; do ḃríġ gur ṫeagaisg sé cogaḋ a nagaiḋ an TIĠEARNA.


Ṫug mé ríġ ḋuit ann mfeirg, agus rug mé liom é ann mo ḋíḃḟeirg.


Oír biáiḋ clann Israel mórán do laéṫiḃ gan ríġ agus gan ṗrionnsa, agus gan íoḋbairt, agus gan ioṁáiġ, agus gan eṗod, agus gan teraṗim:


¶ Mar an gcéadna fear no beán aga mbía spiorad taṫuiġṫeaċ, nó ḃías na fáistineaċ, cuirfiġear go deṁin ċum báis íad: géaḃuid do ċloċuiḃ orra: bíaiḋ a ḃfuil orra féin.


¶ Agus an tanam ionntoċus leis an druing ga mbíḋ leannáin síġe, agus a ndiáiġ luċd fáistine, do ḋul do stríapaċus na ndiáiġ, cuirfe mé ċeana maġaiḋ a naġaiḋ a nanma, agus géarrfa mé as lár a muinntire íad.


Aṁáin ná héirġiḋsi a ccogaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus ná bíoḋ eagla oruiḃ roiṁ ḋáoiniḃ na tíre; óir is arán dúinne íad: do ḋealuiġ a ccuṁdaċ riú, agus atá an TIĠEARNA linne: ná bíoḋ a neagla oruiḃ.


Agus ar na áṫruġaḋ súd ḋó, do ṫóg sé súas Dáiḃí na ríġ ḋóiḃ; dá ndearnaiḋ sé mar an gcédna fíaḋnuise, ag ráḋ, Fuáir mé Dáiḃí mac Iesse, na ḋuine do réir mo ċroiḋe féin, noċ do ḋéunaiġ mo ṫoil uile.


Nó créd é an ceangal do ḃíaḋ ag teampoll Dé agus ag ioḋaluiḃ ré ċéile? óir is siḃse teampoll Dé ḃí; do réir mar a duḃairt Día, Biáiḋ mé um ċóṁnuiḋe ionnta, agus siuḃólad na measg; agus biáiḋ me um Ḋía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.


Ioḋalaḋraḋ, piseóga, náṁadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceaċd,


Do ḃáḃair ceannairceaċ a naġuíḋ an TIĠEARNA ón ló fár aiṫnid ḋaṁsa siḃ.


¶ Agus cuiṁniġ, agus ná dearmuid, mar do ḃrostuiġ tú an TIĠEARNA do Ḋía ċum feirge san ḃfásaċ: ón ló fár ḟág tú amaċ críoċ na Hégipte, nó go ttáinic tú don náitsi, do ḃaḃair cogṫaċ a naġuiḋ an TIĠEARNA.


Agus tangadar go cloinn Reuben, agus go cloinn Ġad, agus go leiṫṫreiḃ Ṁanasséh, go tír Ġílead, agus do laḃradar riú, ḋa ráḋ,


Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.


Oír don táoḃ amuiġ béid na madruiġ, agus luċd na bpiseóg, agus a naḋaltrannuis, agus an dúnṁarḃṫa, agus a nioḋalaḋruiġ, agus gaċ neaċ ġráḋuiġeas agus do ní an ḃréug.


Aċt anois ní ṡeasfuiḋ do rioġaċd: díarr an TIĠEARNA duine ḋó féin do réir a ċroiḋe féin, agus do aiṫin an TIĠEARNA ḋé ḃeiṫ na ċaiptin os cionn a ḋaoine, do ċionn nar ċoṁéad tusa an ní do ḟuágair an TIĠEARNA ḋuit.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Gá fad ḃías tú ag dó ḃrón tre Ṡaul, ó ċuir misi ar gcúl é ó ḃeiṫ na ríġ ós cionn Israel? líon haḋarc dola, agus imṫiġ, cuirfiḋ misi ṫú ċum Iesse an Betlehemíteaċ: do ṫoġ mé ríġ ḋaṁ féin a measc a ṁac.


Uime sin a deir TIĠEARNA Día Israel, A duḃairt mé go deiṁin go sioḃólaḋ do ṫiġse, agus tiġ haṫar, am ḟiaḋnuisi go bráṫ: aċt anois a deir an TIĠEARNA, Bíoḋ sin a ḃfad uáim; óir an luċd onóruiġios mé a síad do ḋéansa onóruġaḋ, agus an luċd ṫarcuisniġios mé buḋ ḃeag a meas.


¶ Anoís déug Samuel, agus do ċaóineadar Israel uile é, agus do aḋlaiceadar é a Rámah, eaḋon iona ċaṫruiġ féin. Agus do ċuír Saul ar síuḃal an drong agá mbídís leannáin síṫ, agus luċd na bpiséog as an ttír amaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ