Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 15:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus a duḃairt Samuel, An ḃfuil oirid dúile ag an TTIĠEARNA a nofráluíḃ loisge agus a níoḋbarṫaiḃ, mar atá aige a nuṁla do ġlór an TIĠEARNA? Féuċ, Is féarr uṁluġaḋ ná íoḋbairt, agus éisdeaċd ná méaṫas reiṫeaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 15:22
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus go tugg Abel, mar an ccéudna do ċéidġiniḃ a ṫréuda agus da ṡault; agus do ḃí meas ag an TTIĠEARNA ar Abel agus ar ofráil.


Anois uime sin, má uṁluiġṫiġ dom ġuṫ daríriḃ, agus mo ċunnraḋ do ċoṁall, annsin beiṫí mar nionṁus diongṁálaḋ agam os cionn gaċ uile ṗobal: óir is liomsa an talaṁ uile:


Is taitneaṁuiġ don TTIĠEARNA ceart agus breiṫeaṁnus do ḋéanaṁ ná ioḋbairt.


Coinniṁ do ċos a nuair raċus tú go tiġ Dé, agus go maḋ réiḋe ḃias tú do ċluinsion, ná do ṫaḃairt íoḋbarṫa na namadán uáit: óir ní ṁeasuid síad go ndéanuid olc.


Noċ daiṫin mé da ḃur naiṫriḃ ann sa ló a ttug mé amaċ íad as críċ na Hégipte, ó nfuirnís íaruinn, ġa ráḋ, Uṁluiġiḋ dom ġlór, agus déanuiḋ íad, do réir a nuile ní aiṫeonas mé ḋíḃ: marsin buḋ siḃsi mo ṗobalsa, agus buḋ misi ḃur Ndíasa:


Oír do ḋearḃ misi go dúṫraċdaċ dá ḃur naiṫriḃ annsa ló a ttug mé aníos íad as críċ na Hégipte, go nuige an lósa, ag éirġe go moċ agus ag mionnuġaḋ, ġa ráḋ, Uṁluiġiḋ dom ġúṫ.


Uimesin a nois leasuiġiḋ ḃur sliġṫe agus ḃur ngníoṁa, agus uṁlúiġiḋ do ġúṫ an TIĠEARNA ḃur Ndía; agus biáiḋ aiṫreaċuis air an TTIĠEARNA ó nolc dfúagair sé ḃur naġaiḋ.


Oír do ḋúiliġ mé trócaire, agus ní híoḋbuirt; agus eólus Dé ní sa ṁó ná ofráil loisge.


Ofráluid síad feóil ar son íoḋḃarṫaċ mofrálaċsa, agus iṫid í; aċt ní ġlacann an TIĠEARNA íad; anois cuiṁneoċa sé a néigceart, agus fiosroċuiḋ sé a bpeacaḋ: fillfid síad don Négipt.


Agus da mbeiṫ a ḟios agaiḃ créd is cíall dó so, Is trócaire is aill leam, agus ní híoḋbairt, ní ḋaimnéoċaḋ siḃ na daóine neiṁċiontaċa.


As anáoiḃinn dáoiḃ a sgríobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃaiḋ! oír gaḃṫáoi deaċṁuiḋ an ṁionntais agus na hainíse agus an ċoimin, agus leigṫí ṫaruiḃ an ċuid is táḃaċduiġ don dliġeaḋ, coṁṫrom, agus trocaire, agus firinne: do buḋ coir ḋáoiḃ íad so do ḋéanaṁ, agus gán íad súd dfágḃáil gan déanaṁ.


Fágaiḃ do ṫaḃartus ann sin a ḃfiadḋnuisi na haltóra, agus imṫiġ; agus ar tús réiḋiġ réd ḋearḃraṫair, agus tar éisi sin ar dteaċd duit taḃair uáit do ṫiodlacaḋ.


Aċd imṫiġ, agus foġlomaiġ a ċíall so, Trócaire is áill leam, agus ní hióḋbuirt: óir ní ṫáinic misi do ġairm na ḃfíréunaċ, aċd na bpeacaċ do ċum aiṫriġe.


Agus a ġráḋuġaḋ as a gcroiḋe uile, agus as a tuigsin uile, agus as a nanum uile, agus as a mbríġ uile, agus an ċoṁarsa do ġráḋuġaḋ mar é féin, is mó sin ná na huile íoḋbarṫa agus ofráil.


Uime sin a duḃairt me, Tiucfaid na Ṗilistiniġ orum a núas anois go Gilgal, agus ní ḋeárna mé eadarġuiḋe ris an TTIĠEARNA: do ċoiṁeígniġ mé mé féin ar a naḋḃarsin, agus dofráil mé ofráil loisge.


Agus a duḃairt Samuel re Saul, Do rinne tú so go leaṁ: agus níor ċoiṁéad tú aiṫne do ṪIĠEARNA Dé, noċ do aiṫin sé ḋíot: óir anois do ḋaingneoċaḋ an TIĠEARNA do rioġaċd air Israel go bráṫ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ