¶ Agus do ċuir Dáiḃi teaċda go muinntir Iabes‐gílead, agus a duḃairt sé ríu, Go maḋ beannuiġ siḃ ón TTIĠEARNA, noċ do ṫaisbéin an cinéulsa dá ḃur ttiġearna, do Ṡaul, agus do aḋlaic é.
Augs is mar sin dáoiḃsi, an tan do ḋéantaói gaċ uile ní dár haiṫniuġaḋ ḋíḃ, abruiḋ, Is searḃḟoġantuiḋe neaṁṫarḃaċa sinn: óir do rinneamar an ni do ḃi dfíaċaiḃ oruinn do ḋéanaṁ.
Ar seasaṁ don Ṗairisíneaċ do ḃí sé guiḋe mar so leis féin, A Ḋiá, beirim buiḋeaċas riot, naċ ḃfuilim mar atáid dáoine eile, a luċd fuáduiġ, éugcóraċ, aḋaltrannaċ, nó fós mar an bpuibliocánaċsa.
Agus a duḃairt sé re na ṁaṫair, An táoin ċéaddéag secel airgid rugaḋ úaid, air son a raiḃ tú ag malluġaḋ, agus far laḃair tú mar an gcéadna am ḟiaġnuisisi, féaċ, atá an tairgiod agumsa; is misi do ġlac é. Agus a duḃairt a ṁaṫair, Go maḋ beannuiġ ṫusa ón TTIĠEARNA, a ṁic.
Agus a duḃairt seision, Go maḋ beannuiġ ḃías tusa ón TIĠEARRNA, a inġean; óir is mó an cineul do ṫaisbein tú fá ḋeireaḋ ná ar ttosaċ, do ḃríġ nár lean tú dáoine óga, maḋ saiḋḃir no daiḋḃir.
As aiṫreaċ liom go ndearna mé ríġ do Ṡuail: óir do iompoiġ sé ó misi leanṁuin, agus níor ċoiṁlíon maiṫeanta. Agus do ġoill sin ar Ṡamuel; agus do eíġ ar an TTIĠEARNA feaḋ na hoiḋċe.
Agus a duḃairt Saul ré Samuel, Ní heaḋ, do uṁluiḋ misi do ġuṫ an TIĠEARNA, agus do ċuáiḋ mé san tsliġe ionar ċur an TIĠEARNA mé, agus ṫug mé Agag ríġ na Namaleciteaċ liom, agus do scrios mé na Hamalecitiġ uile.
Aċ do ċoigil Saul agus a nahuinntir Agag, agus an ċuid do bfeárr do na cáorċuiḃ, agus do na daṁuiḃ, agus do na méaṫuiḃ, agus do na huanuiḃ, agus gaċ éinni ḃí go maiṫ, agus nior ḃáill leó a léirsgrios: aċd gaċ einni ḋá raiḃ míṁeasta agus tarcuisneaċ, do scriosadar íad sin go hiomlán.
¶ Agus dinnis duine do na hógánaċaiḃ do Abigail, bean Nabal, ġa ráḋ, Féuċ, do ċuir Dáiḃi teaċda as a ḃfásaċ do ḃeannuġaḋ dar maiġistir; agus do ḃuail sé ag géaruiġeaċd orra.