Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 15:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 ¶ Agus a núair do éiriġ Samuel go moċ do ṫeagṁáil re Saul ar maidin, do hinnseaḋ do Ṡamuel, ġá ráḋ, Ṫainic Saul go Carmel, agus, féuċ, do ċuir sé súas áit ḋó féín, aċd do ċas sé timċioll, agus do ġluais roiṁe síos go Gilgal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 15:12
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do éiriġ Abraham súas go moċ ar maidin, agus do ġlac arán, agus buidél uisge, agus tug sin do Hágar, agus do ċuir ar a gualuinn é, agus an leanaṁ, agus do ċuir ar siuḃal í: agus do imṫiġ sí, agus do ḃi ar fud ḟásuiġ Ḃeerséba.


¶ Anóis a nuáir do ḃí Absolon béo do ṫóg agus do ċuir sé súas dó féin piléur, noċ atá a ngleann an ríġ: óir a duḃairt sé, Ní ḃfuil éanṁac agum do ċuinneoċaḋ mainm a gcuiṁne: agus ṫug sé a ainm féin ar an bpiléur: agus goirṫear de gus a niuġ, áit Absoloin.


Hesraian an Carmelíteaċ, Paarai an Tarbiteaċ,


Marsin do ċuáiḋ Ahab súas diṫe agus dól. Agus do ċuáiḋ Elias súas go mullaċ Carmel; agus do ṫeilg sé é féin síos ar an ttaluṁ, agus do ċuir a aġaiḋ eidir a ġlúiniḃ.


Mar an gcéadna do rinne sé tuir annsa díoṫraṁ, agus do ṫocuil sé mórán tobar: óir do ḃí iomarcuiḋ áirnéise aige, san tír íoċdaruiġ aráon, agus annsna réitiḃ: luċd tiġeaduis mar an ccéadna, agus luċd déanta fíneaṁna annsna sléiḃtiḃ, agus ann Carmel: óir dob ionṁuin leis tiġeaḋus.


Uime sin a duḃairt me, Tiucfaid na Ṗilistiniġ orum a núas anois go Gilgal, agus ní ḋeárna mé eadarġuiḋe ris an TTIĠEARNA: do ċoiṁeígniġ mé mé féin ar a naḋḃarsin, agus dofráil mé ofráil loisge.


Agus déiriġ Samuel, agus do ċuáiḋ súas ó Ġilgal go Gibeah Ḃeniamin. Agus do ċoṁáiriṁ Saul na daoine do ḃí a laṫair aige, timċioll sé ċéad fear.


¶ Agus do éiriġ Dáiḃi súas go moċ ar maidin, agus dfág na cáoiriġ ag coiṁeáduiġ, agus rug leis, agus dimṫiġ, mar a duḃairt Iesse ris; agus ṫáinic sé ċum an trinnsi, a núair do ḃí an slúaġ ag dul amaċ do ṫroid, agus do ġaíreadar ċum an ċaṫa.


¶ Agus do ḃí duine a Maon, ga raiḃ a ṁáoin a Gcarmel; agus do ḃí an duine ro ṁór, agus do ḃádar trí ṁíle cáora aige, agus míle gaḃar: agus do ḃí ag bearraḋ a ċáoraċ a Gcarmel.


Ann sin do ṫóg Samuel cloċ, agus do ṡuiġiḋ í eidir Ṁispeh agus Ṡen, agus do ġoir Eben‐eser dainm ḋi, ġa ráḋ, Go nuige so do ċuidiġ an TIĠEARNA sinn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ