I Samuel 14:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)6 Agus a duḃairt Ionatan ris a nóganaċ do iomċair a airm, Gluáis, agus deanum anonn go gárda na ndáoine neṁṫimċill‐ġeárrṫasa: dob éidir go noibreoċaḋ Día air ar son: óir ní ḃfuil toirṁeasg ar an TTIĠEARNA dídean da ḋéanaṁ lé mórán nó lé beagán. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus déiġ Asa air A ṪIĠEARNA Día, agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA, as beag agadsa caḃair do ṫaḃairt, ceaċtar acá lé móran, nó luċd gan neart: taḃair ḋúinne caḃair, a ṪIĠEARNA ar Ndía; óir is ort ċuirmid sinn féin, agus an ṫainmsi ṫeiġmid á naġaiḋ a niomudse. O a ṪIĠEARNA, is tú ar Ndía; ná beireaḋ duine búaiḋ órt.
An sin a duḃaírt Saul re fear iomċarṫa a airm, Tarruing do ċloiḋeaṁ, agus saiṫ ṫríomsa é; deagla go dtiucfaḋ an drong neíṁṫimċillġéarrṫasa agus go muirtidís mé, agus go ndéanaidís sgige fúm. Aċ níor ḃáill le fear iomċarṫa a airm; óir do ḃí sé lán deagla. Uimesin do ġlac Saul cloiḋeaṁ, agus do ṫuit sé air.