52 Agus do ḃí cogaḋ crúaiḋ a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ an fad do ṁair Saul: agus a nuair do ċíoḋ Saul duine láidir ar biṫ, nó duine curata, do ḃeireaḋ ċuige é.
¶ Agus do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ íad féin a gcionn a ċéile do ṫroid a naġaiḋ Israel, tríoċad míle carbad, agus sé ṁíle marcaċ, agus dáoine mar an gaineaṁ noċ ḃíos ar ṫráiġ na fairge air iomadaṁlaċd: agus tangadar súas, agus do ṡuiḋeadar a Miċmas, soir ó Ḃetaḃen.
¶ Marsin do ġaḃ Saul an rioġaċd ós cionn Israel, agus do ċaṫaiġ a naġaiḋ a náṁad a nuile ṫáoḃ, a naġaiḋ Ṁóab, agus a naġaiḋ ċloinne Ammon, agus a naġaiḋ Edom, agus a naġaiḋ ríġ Sóbah, agus a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ: agus giḋ bé taoḃ a niompoiġeaḋ é féin, do ḃúaiḋreaḋ íad.
Agus a duḃairt sé, Buḋ é so béasa an riġ ḃías ós ḃur gcionn: Glacfuiḋ sé ḃur mic, agus óirdeoċuiḋ sé ḋó féin íad, ċum a ċarbad, agus dá mbeiṫ na marcṡlúaġ aige; agus rioṫfuid roiṁe a ċarbaduiḃ.