¶ Agus a duḃairt Samuel, Cred do rinne tusa? Agus a duḃairt Saul, Do ċionn go ḃfacaiḋ mé na dáoine ar leaṫnuġaḋ uáim, agus naċ dtáinic tusa táoḃ a stiġ don ló ċinnte, agus gur ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ íad féin a ḃfoċair a ċéile go Miċmas;
Do ṫoġ Saul ḋó féin trí ṁíle fear do Israel; ionnus go mbeidís ḋá ṁile fear ḋíoḃ a ḃfoċair Ṡauil a Miċmas agus a slíaḃ Ḃétel, agus míle ag Ionatan a Ngibeah Ḃeniamin: agus do ċuir sé an ċuid oile don ṗobal gaċ éan duine ḋá ait féin.
¶ Agus do ḃuáil Ionatan dáingionn na Ḃṗilistineaċ do ḃí a Ngeba, agus do ċuáladar na Ṗilistiniġ sin. Agus do ṡeíd Saul an stoc ar feaḋ na críċ uile, ġa ráḋ, Cluinnedís na Heaḃraiḋe.
Agus eidir na sliġṫiḃ, cuṁga sin ar ṫairg Ionatan dul anonn go gárda na Ḃṗilistineaċ, do ḃí carruic géur a ttaóḃ ḋe, agus carruic géur don taoḃ eile: agus ainm aón ḋíoḃ Boses, agus Seneh ainm an taón eile.
Agus a duḃairt Ionatan ris a nóganaċ do iomċair a airm, Gluáis, agus deanum anonn go gárda na ndáoine neṁṫimċill‐ġeárrṫasa: dob éidir go noibreoċaḋ Día air ar son: óir ní ḃfuil toirṁeasg ar an TTIĠEARNA dídean da ḋéanaṁ lé mórán nó lé beagán.