Agus táinic a steaċ na ccion ṫrí míosa na ḋiáiġ sin, gur hinniseaḋ do Iudah ag raḋ, Do rinne hinġean Támar meirdreaċus: agus feúċ fós atá sí torraċ o stríopaċus: agus a duḃairt Iudah, Tugṫar amaċ í, agus a loiscṫear í.
Agus ṫug sé amaċ na daóíne do ḃí san ccaṫruiġ sin, agus do ċuir sé íad fá ṫuiriosguiḃ, agus fa ḃracaḋuiḃ íaruinn, agus fa ṫúaġuiḃ íaruinn, agus ṫug orra dul a sórn áiṫċe na mbríceaḋ: agus mar so do rinne sé ré caiṫreaċaíḃ ċloinne Ammon uile. Mar sin dfill Dáiḃi agus an pobal uile go Hierusalem.
Agus abruiḋ ré Amasa, naċ dom ċnáiṁ, agus dom ḟeóilse ṫusa? Go ndéarna Día sin, agus fós níos mó rinmsa, muna raiḃ tusa ad ċaiptín an tslóiġ agamsa ċoiḋċe a náit Ióab.
Agus tárla, a nuáir do ċonnairc sé í, gur réub sé a éadaċ, agus go nduḃairt sé, Uċ, a inġean! do ḃrúiġ tú síos mé, agus is áon don droing ḃuaiḋrios mé ṫú: óir dfoscuil mé mo ḃéul don TIĠEARNA, agus ní ḟéaduím dul air mais.
Mar a ḃfuiġe tú bás, is ann éagfadsa, agus is annsin aḋlaicṫear mé: go ndeárna an TIĠEARNA marsin liomsa, agus fós ní is mó, má ḋealuiġionn éinní aċd bás riot mé.
Oír, mar ṁaireas an TIĠEARNA, noċ ṡáorus Israel, bíoḋ gur ob ann Ionatan mo ṁacsa atá, do ġeaḃa sé bás go deiṁin. Aċd ní raiḃ duine a measc an ṗobail do ḟreagair é.
Agus a duḃairt sé, Cred é an ní sin a duḃairt an TIĠEARNA riot? Guiḋim ṫú ná ceil orum é: go ndéarna Día marsin riotsa, agus tuilleaṁ fós, má ċéilionn tú éinní orum do na huile neiṫiḃ a duḃairt sé riot.