40 Ann sin a duḃairt sé re Hisrael uile, Bíṫíse ar éantaoḃ, agus braiḋ misi agus Ionatan mo ṁac don táoḃ eile. Agus a duḃairt an pobal ré Saul, Déana mar do ċítear ḋuit féin.
Agus a duḃairt Elcanah a fear ría, Déana mar do ċítear ḋuit féin; fan no go mbeantar do ċíġ é; aṁáin go ndaingniḋ an TIĠEARNA a ḟocal. Marsin do ḟan an ḃean, agus tug cíoċ dá mac nó gur oil sí é.
Agus a duḃairt Saul, Deanum síos a ndiáiġ na Ḃṗilistineaċ san noiḋċe, agus creaċam íad nó go ttí solus na maidne, agus ná fágḃam duine ḋíoḃ. Agus a duḃradarsan, Déana giḋ ḃé ní is feárr do ċítear ḋuit. Ann sin a duḃairt an sagart, Táirngiom annso láiṁ re Día.
Oír, mar ṁaireas an TIĠEARNA, noċ ṡáorus Israel, bíoḋ gur ob ann Ionatan mo ṁacsa atá, do ġeaḃa sé bás go deiṁin. Aċd ní raiḃ duine a measc an ṗobail do ḟreagair é.