39 Oír, mar ṁaireas an TIĠEARNA, noċ ṡáorus Israel, bíoḋ gur ob ann Ionatan mo ṁacsa atá, do ġeaḃa sé bás go deiṁin. Aċd ní raiḃ duine a measc an ṗobail do ḟreagair é.
Is ionann ṫig gaċ uile ní do nuile ḋuine: is ionann críoċ do nfiréun, agus don ċiontaċ; don ṁaiṫ agus don ġlan, agus don neaṁġlan; don tí íoḋbras, agus don tí naċ íoḋbrann: mar ḃíos an duine maiṫ, marsin ḃíos an peacaċ; agus an té ṁionnuiġios, mar an té eagluiġios mionna.
¶ Agus do ḃádar muinntir Israel go haindeis an lá sin: óir do ċuír Saul na daoine fa ṁíonnuiḃ, ġa ráḋ, Go maḋ malluiġ an duine íosas bíaḋ ar biṫ go tráṫ nóna, ionnus go raiḃ misi dioġaltaċ ar mo náṁaid. Mar sin nar ḃláis éanduine do na daoiniḃ bíaḋ ar biṫ.
Ann sin a duḃairt sé re Hisrael uile, Bíṫíse ar éantaoḃ, agus braiḋ misi agus Ionatan mo ṁac don táoḃ eile. Agus a duḃairt an pobal ré Saul, Déana mar do ċítear ḋuit féin.
Oir an feaḋ ṁairfeas mac Iesse ar taluṁ, ní daingneoċar ṫusa, nó do rióġaċd. Anois uime sin cuir fios air agus taḃair ċugamsa é, óir go deiṁin caiṫfiḋ sé bás dfulang.