38 ¶ Agus a duḃairt Saul, Táirngiḋ a laṫair annso, a ḃfuiltí do ḋaóiniḃ as feárr ann sin: agus bíoḋ a ḟios aguiḃ agus féaċuiḋ cáit a raiḃ an peacaḋ so a niuġ.
Aċt do ḟreagradar an pobal, Ní raċa tú amaċ ar éanċor: óir ma ṫeiċfios sinne, is cuma leósan sin; nó ma marḃṫar ar leaṫ, is cuma leósan sin: aċt anois is fiú déiċ míle aguinn ṫusa: uime sin is fearr go mbía túsa ċum caḃra do ṫaḃairt dúinn amaċ as an gcaṫruiġ.
Do ċífead é, aċd ní annois: aṁaircfe mé é, aċd ní a ḃfogus: tiucfuiḋ Réalt amaċ as Iácob, agus éireoċuid Siat Ríoġa as Israel, agus buailfiḋ tré ċoinnhiḋiḃ Moab, agus scriosfuiḋ sé clann Ṡet.
A deir Iósa ríu, Nar léaġaḃair a ríaṁ ann sna sgrioptúraiḃ, An ċloċ do ḋiúltadar na sáoir, a si a tá ar ne déanaṁ na ceann ann sa ċúaínne: a sé an Tiġearna do rinne so, agus a tá sé iongantaċ ann ar súiliḃne?
Do ṗeacuiḋ Israel, agus do ṡáruiġeadar mo ċunnraḋsa noċ do aiṫin mé ḋíoḃ: óir do ġlacadar don ní móidiġṫe, do ġadadar mar an ccéadna fós, agus níor léigeadar sin orra, agus do ċuireadar a measg a ccoda féin é.
Uimesin níor ḟéadadar clann Israel seasaṁ as coinne a náṁad, aċd do iompoiġeadar a ccul roiṁe a naiṁde, do ċionn go raḃadar malluiġ: agus ni ḃía misi maille liḃ feasda, muna scriostáoi an malluiġṫe ó ḃeiṫ ḃur measc.