Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 14:23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Mar sin do ṡáor Día Israel an lá sin: agus do ċuáiḋ an troid anonn go Bet‐aḃen.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 14:23
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ní duḃairt an TIĠEARNA fós go léirscriosfaḋ sé ainm Israel ó ḃeiṫ faói neaṁ: aċt do ṡáor sé íad le láiṁ Ieroboam ṁic Ioas.


Agus do ṡuiġeadarsan íad féin a lár an ṗreabaín sin, agus do ṫárṫuiġeadar é, agus do ṁarḃadarna Ṗilistiniġ; agus do ṫárṫuiġ an TIĠEARNA íad lé slánuġaḋ mór.


Marso do ċaṁduiġ an TIĠEARNA Heseciah agus muinntir Ierusalem ó láiṁ Ṡennaċerib ríġ na Hassíria, agus o láiṁ a nuile ḋuine oile, agus do ṫréoruiġ sé iad air gaċ uile ṫáoḃ.


Mar so do ṡáor an TIĠEARNA Israel an lá sin as láṁuiḃ na Négipteaċ, agus do ċonnuirc Israel na Hégiptiḃ marḃ ar ṫráiġ na fairge.


Aċt biáiḋ truáiġe agum do ṫiġ Iúdah, agus tárrṫeċa mé íad maille ris an TTIĠEARNA a Ndía, agus ní lé bóġa, nó lé cloiḋeaṁ, ṫárrṫoċus mé íad, nó lé caṫ, nó lé heaċaiḃ, nó lé marcslúaġ.


Oír sé ḃur TTIĠEARNA Día an té ṫéid liḃ, do ṫroid re ḃur náṁuid, da ḃur ttárṫáil.


¶ Agus do ċuir Iosua daóine ó Ieriċo go Hai, noċ atá ré táoḃ Ḃet‐aḃen, táoḃ ṡoir do Ḃetel, agus do laḃair riú, ḋá ráḋ, Eirgiḋe súas agus braiṫiḋ an tír. Agus do ċúadar na daóine súas agus do ḃraṫadar Ai.


Agus a nuáir do ṫóg an TIĠEARNA breiṫeaṁúin súas dóiḃ, annsin do ḃí an TIĠEARNA leis an mbreiṫeaṁ, agus do ṡaór se íad as láṁuiḃ a náṁad ar feaḋ ḃeaṫa an ḃreiṫeaṁuin: (óir do ḃí aiṫreaċus ar an TIĠEARNA ar son a nuċḃaġaḋ do ḃriġ na muinntíresin do ṡáruiḋ agus do ḃuáiḋir íad.)


Agus do ḋíultaḃairsi a niuġ dá ḃur Ndía, noċ gur bé féin do ṡáor siḃ ó ḃur nuile aindeisi agus ó ḃur mbuaiḋreaḋ; agus a duḃraḃair ris, Ní heaḋ, aċd cuir ríġ ós ar gcionn. Anois ar a naḋḃar sin taisbeanuiġ siḃ féin a laṫair an TIĠEARNA do réir ḃur ttreaḃ, agus do réir ḃur mílteaḋ.


¶ Agus do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ íad féin a gcionn a ċéile do ṫroid a naġaiḋ Israel, tríoċad míle carbad, agus sé ṁíle marcaċ, agus dáoine mar an gaineaṁ noċ ḃíos ar ṫráiġ na fairge air iomadaṁlaċd: agus tangadar súas, agus do ṡuiḋeadar a Miċmas, soir ó Ḃetaḃen.


A máraċ timċioll na húairesi cuirfe mé duine ċugad as tír Ḃeniamin, agus ungfuiḋ tú é ċum ḃeiṫ na ċaiptín ós cionn mo ṗobail Israel, go sáorfa sé mo ṗobal ó láiṁ na Ḃṗilístineaċ: óir dféaċ mé air mo ṗobal, do ċionn go ttáinic a ccoṁairc ċugam.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ