22 Fir Israel uile fós noċ do ḟoluiġ íad féin a sliaḃ Eṗraim, a nuáir do ċúaladar gur ṫeiṫeadar na Ṗílistiniġ, do leanadar sin mar an gcéadna go cruáiḋ íad ann sa ċaṫ.
Agus do ċruinniġeadar muinntir Israel íad féín a ccionn a ċeile as Naṗtali, agus as Aser, agus as Ṁanasseh uile, agus do leanadar a ndíaiġ na Midianaċ.
¶ A nuáir do ċonncadar fir Israel go raḃadar a gcuṁgaċ (óir do ḃádar na dáoine a néigion), ansin dfolċadar an pobal íad féin a nuaṁuiḃ, agus a ḃfíoḋḃuiḃ, agus a gcairrgiḃ, agus a náitiḃ árda, agus a cclasaċaiḃ.
Agus do ṫaisbeanadar íad féin araon do ġárda na Ḃṗilistíneaċ: agus a duḃradar na Ṗilístiniġ, Feúċ, atáid na Heaḃruiḋe ag teaċd amaċ as na polluiḃ mar ar ḟolċadar íad féin.
¶ Agus a nuair do ċonncadar clanna Israel noċ do ḃí don táoiḃ oile don ġleann, agus drong do ḃí táoḃ ṫall do Iordan, gur ṫeiṫeadar fir Israel, agus gur eúg Saul agus a ṁic, do ṫreigeadar na caiṫreaċa, agus do ṫeiṫeadar; agus tangadar na Ṗilistiníġ agus do aitreaḃadar ionta.