Agus cuirfe misi na Hégiptiġ a naġaiḋ na Négipteaċ: agus troidfiḋ gaċ áon díoḃ a naġaiḋ a ḋearḃraṫar, agus gaċ áonduine a naġaiḋ a ċoṁarsan; caṫair a naġaiḋ caiṫreaċ, agus rioġaċt a naġaiḋ rioġaċta.
Agus do ṡéidiodar na trí ċéad na stuic, agus diompóiġ an TIĠEARNA cloiḋioṁ gaċ éan duine ḋíoḃ a naġaiḋ a ċumpánuiġ, ar fad an tslúaġ uile: agus do ṫeiṫ an slúaġ go Betsitah ann Sererat, agus go teóruinn Abel‐meholah, go nuige Tabbat.
¶ Agus do ḃí coiṁċriṫ annsa tsluaiġ, annsa maċaire, agus ar fud na ndaóine uile: an gárda, agus na creaċadóiriġ, do ḃí criṫeagla orrasan mar an gcéadna, agus do ċrioṫnuiġ an taluṁ: ionnus go raiḃ na ċrioṫnuġaḋ ro ṁór.
¶ Annsin a duḃairt Saul ris an muinntir do ḃí na ḟoċair, Airṁiḋe anois, agus féaċaiḋ cía ċuaiḋ uáinn. Agus a nuáir do áirṁeadar, féuċ, ní raiḃ Ionatan ná fear iomċarṫa a airm ann.
Agus do ċruinniġ Saul agus a raiḃ do ḋaóiniḃ na ḟoċair íad féin, agus tangadar ċum an ċaṫa: agus féaċ do ḃí cloiḋeaṁ gaċ éanduine a naġaiḋ a ċompánuiġ, agus do ḃí dioġḃáil roṁór ann.