7 Agus do ċuadar cuid do na Heaḃruiḋiḃ a nonn tar Iordan go tír Ġad agus Ġíléad. Agus ar son Ṡauil, do ḃí se fós a Ngilgal, agus do leanadar na dáoine uile é ar coiṁċriṫ.
Agus cuirfe misi maġuiḋ ḃur naġuiḋ, agus muirfiġear roiṁe ḃur náṁaid siḃ: an drong air ar beag síḃ í íad ríġfios os ḃur gcionn; agus teiṫfiḋe a nuáir naċ mbeíḋ éanduine dá ḃur ttóruiġeaċd.
Agus laiḃeoruid na hoifigiḋ tuilleaṁ ris an bpobal, agus déaruiḋ siad, Cia hé an duine atá eaglaċ nó lagċroiḋeaċ? imṫiġeaḋ sé agus filleaḋ sé ḋá ṫiġ, deagla go laigeoċaḋ croiḋe a ḋearḃraiṫreaċ mar a ċroiḋe sion.
Do ḃéara an TIĠEARNA fa deara do ḃualaḋ a laṫair do náṁad: raċaiḋ tú amaċ a néintsliġe aṁáin na naġuiḋ, agus teiṫfe tú a seaċd sliġṫiḃ rompa: agus áṫroċṫar ṫú da gaċ éainrioġaċd ar an ndoṁan.
¶ Agus ṫug misi an dúṫaiġsi, noċ do ṡealḃuiġeamar a nuáir sin, ó Aroer, noċ atá láiṁ ris a naḃuinn Arnon, agus leaṫ sléiḃe Gilead, agus a ccaiṫreaċa sin, do na Reubenítiḃ agus do na Gadítiḃ.
Oír is mar áon ríu do ġaḃadar na Reubenítiġ agus na Gadítiġ a noiġreaċd, noċ ṫug Máoise ḋoiḃ, taoḃ ṫall do Iordan leaṫ ṡoir, eaḋon mar ṫug Máoise óglaċ an TIĠEARNA ḋóiḃ;
Anois ar a náḋḃarsin tiomáin ort, fúagair a gcluasuiḃ na ndaóineaḋ, ġa ráḋ, Giḋ bé air a ḃfuil uaṁan nó eagla, filleaḋ sé agus imṫiġeaḋ go moċ ó ṡliaḃ Gílead. Agus do ḟill annsin do ṗobal, ḋá ṁile agus fiṫċe; agus dfanadar deiċ míle.
¶ Agus a nuair do ċonncadar clanna Israel noċ do ḃí don táoiḃ oile don ġleann, agus drong do ḃí táoḃ ṫall do Iordan, gur ṫeiṫeadar fir Israel, agus gur eúg Saul agus a ṁic, do ṫreigeadar na caiṫreaċa, agus do ṫeiṫeadar; agus tangadar na Ṗilistiníġ agus do aitreaḃadar ionta.