Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 13:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 ¶ Agus do ḃuáil Ionatan dáingionn na Ḃṗilistineaċ do ḃí a Ngeba, agus do ċuáladar na Ṗilistiniġ sin. Agus do ṡeíd Saul an stoc ar feaḋ na críċ uile, ġa ráḋ, Cluinnedís na Heaḃraiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 13:3
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Iarsin do ṡéid Ióab a stoc, agus do ṡeasadar an pobal uile na gcoṁnuiġ, agus níor leanadar nios mó a ndiáiġ Israel, agus níor ṫroideadar níos mó.


Agus tárla go raiḃ óglaċ do Ḃelial annsin dar ḃamm Séba, ṁac Biċri, Beniamiteaċ: agus do ṡéid sé stoc, agus a duḃairt, Ní ḃfuil cuid ar biṫ aguinne a Ndáiḃi, ní mó atá oiġreaċd aguinn a mac Iesse: ṫéiġeaḋ, gaċ éanduine dá lóistín féin, O Israel.


Agus do ḃí Dáiḃi ann sin a ndaingion, agus do ḃí gairiosún na Ḃṗilistineaċ an tan sin a Mbet‐lehem.


Agus do ċúadar anonn ṫar an tóċar: do ṫógḃadar súas a lóistín ann Géba; ata Ramah eaglaċ; do ṫeiṫ Gibeah Ṡauil.


Iompoċṫar an fearann uile aṁuil réiteaċ ó Ġéba go Rimmon buḋ ḋeas ó Ierusalem: agus tóigfiġear súas í, agus áiteoċṫar iona háit, ó ġeata Ḃeniamin go háit an ċéid ġeata, go geata an ċornéil, agus ó ṫor Hananiel go fíonumar‐brúiġṫe an ríġ.


Agus Ċeṗar‐haammonai, agus Oṗni, agus Gába; ḋá ċaṫruiġ ḋéag gun a mbailtiḃ:


Agus as treiḃ Ḃeniamin, Gíbeon gun a bailtiḃ, Geba gun a bailtiḃ,


Agus tárla, a nuaír ṫáinic sé, gur ṡeíd sé stoc air ṡlíaḃ Eṗraim, agus do ċúadar clann Israel síos leis ón tslíaḃ, agus eision rompa.


Aċ táinic spiorad an TIĠEARNA ar Ġideon, agus do ṡéid sé a stoc; agus do ċruinniġ Abieser na ḋiáiġ.


Na ḋiáiġ sin tiucfa tú go cnoc Dé, mar a ḃfuil gárda na Ḃṗilistineaċ: agus tiucfaiḋ a gcríċ, a nuáir ṫiucfas tú ann sin do nċaṫruiġ, go tteigeaṁa tú ré cuideaċda fáiġeaḋ ag teaċd a nuás ón náit áird maille re psaltair, agus re tabuir, agus re píob, agus re cláirsiġ rompa; agus do ḋéanuid fáiḋeadóireaċd:


Agus dfan Saul, agus Ionatan a ṁac, agus na dáoine do ḃi a laṫair aca a Ngibeáh Ḃeniamin: aċd do ḃádar na Ṗilistiniġ a gcampa a Miċmas.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ