Agus is aṁluiḋ ḃí ar na ṁáraċ, gur ċuir Saul a ṁuinntir a ttrí gcuideaċda; agus tangadar a lár an tslóiġ a ḃfaíre na maidne, agus do ṁarḃadar na Hammonítiġ go teas an laói: agus tárla, an ṁéid do ṁair ḋíoḃ gur scaoileadar ó ċéile, go naċ raiḃ gáol deisi aca re ċéile.
¶ Agus do ḃí coiṁċriṫ annsa tsluaiġ, annsa maċaire, agus ar fud na ndaóine uile: an gárda, agus na creaċadóiriġ, do ḃí criṫeagla orrasan mar an gcéadna, agus do ċrioṫnuiġ an taluṁ: ionnus go raiḃ na ċrioṫnuġaḋ ro ṁór.