Do ṫoġ Saul ḋó féin trí ṁíle fear do Israel; ionnus go mbeidís ḋá ṁile fear ḋíoḃ a ḃfoċair Ṡauil a Miċmas agus a slíaḃ Ḃétel, agus míle ag Ionatan a Ngibeah Ḃeniamin: agus do ċuir sé an ċuid oile don ṗobal gaċ éan duine ḋá ait féin.
Agus dfan Saul annsa ċuid dob ḟaide amaċ do Ġibeah fáoi ċrann pomgránait noċ atá a Migron: agus na dáoine do ḃí na ḟoċair do ḃádar timċioll sé ġcéad fear:
¶ Agus a núair do éiriġ Samuel go moċ do ṫeagṁáil re Saul ar maidin, do hinnseaḋ do Ṡamuel, ġá ráḋ, Ṫainic Saul go Carmel, agus, féuċ, do ċuir sé súas áit ḋó féín, aċd do ċas sé timċioll, agus do ġluais roiṁe síos go Gilgal.