6 ¶ Agus a duḃairt Samuel ris an bpobal, Asé an TIĠEARNA do órduiġ Maoise agus Aaron, agus ṫug ḃur naiṫre amaċ as críċ na Hégipte.
Do ċuir sé úaḋ Maóise a ṡeirḃiseaċ; agus Aaron noċ do ṫoġ se féin.
Dfosgail sé an ċarraic, agus do lingeadar na huisgeaḋa amaċ; do reaṫadar a náitiḃ tiorma mar ṡruṫ.
Maóise agus Aaron a measg a ṡagart, agus Samuel a measg na druinge ġoirios air a ainm; do ġoireadar air an TTIĠEARNA, agus do ċúala sé íad.
A síad so an Taaron sin agus an Maóise, ré a nduḃairt an TIĠEARNA, Beiriḋ amaċ clann Israel as críċ na Hégipte do réir a sluáġ.
Agus a síad so do laḃair ré Ṗárao ríġ na Hégipte, do ṫaḃairt cloinne Israel amaċ as a Négipt: is íad so ann Maóise agus an Taáron sin.
Agus lé fáiḋ do ṫréoruiġ an TIĠEARNA Israel amaċ as an Négipt, agus lé fáiḋ do sáḃálaḋ é.
Oír ṫug mé súas siḃ as críċ na Hégipte, agus dfúascail mé siḃ as tiġ na seirḃíseaċ; agus do ċuir mé roṁuiḃ Maóise, Aáron, agus Míriam.