5 Agus a duḃairt sesion ríu, Is fiaḋnuisi an TIĠEARNA ḃur naġaiḋ, agus is fiaḋnuisi a ungṫa san ló aniuġ, naċ ḃfúaraḃair éinní am láiṁ. Agus do ḟreagradarsan, Is fiaḋnuisi.
¶ Agus is aṁluiḋ do ḃí, tar éis an TIĠEARNA do laḃairt na mbríaṫarso re Iób, go nduḃairt an TIĠEARNA re Heliṗas an Temaniteaċ, Atá mfearg ar naġnaḋ ad aġaiḋ, agus a naġaiḋ do ḋeise carad: óir nior laḃraḃair ormsa an ní fá cóir, mar do laḃair mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób.
A duḃairt Píoláid ris, Ciḋ is firinne ann? Agus aga ráḋ so, do ċúaiḋ se amaċ a rís ċum na Níudaiḋeaḋ, agus a duḃairt sé ríu, Ní ḟaġuimsi cúis ar biṫ air.
Ar a naḋḃarsin do tógḃaḋ gáir ṁór: agus ar néirġe do na sgríobuiḋiḃ do ṫáoḃ na Ḃṗairisíneaċ, do ċaṫaiġeadar na naġaiḋsean, agus a duḃradar, Ní ḟaġmáoidne olc ar biṫ sa nóglaċsa: aċd má laḃair spiorad nó aingeal ris, na caṫuiġeamne a naġaiḋ Dé.
Oír a sé so ar ngáirdeaċaisne, fíaḋnuisi ar ccoinnsiáis, gur a neaṁurċóid agus a ḃfíorġloine ḋíaḋa, agus naċ a ngliocas colluiḋe, aċd maille ré grás Dé, do ḃí ar gcoinḃearsáid sa tsáoġal, agus go mórṁór eadruiḃsi.