24 Aṁáin bíoḋ eagla an TIĠEARNA oruiḃ, agus aḋruiḋ é go fírinneaċ maille re ḃur nuile ċroíḋe: óir measuiḋ cred é méud na neiṫeann do rinne sé ar ḃur son.
Agus biaiḋ a nfuil aguiḃse mar ċoṁarṫa ar na tiġṫiḃ a mbeiṫí: agus a nuáir do ċífe misi a nfuil, raċa mé ṫoruiḃ, agus ní ḃía an ṗláiġ oruiḃ da ḃur marḃaḋ, a nuáir ḃuáilfeas mé críoċ na Hégipte.
Agus a mbí an ċláirseaċ, agus an ḃiól, agus an tiompán, agus an píob agus an fíon, ar a ḃféustuiḃ: aċ ní ṁeasuid oibreaċa an TIĠEARNA, agus ní ḟaicid oibriuġaḋ a láṁ.
Ar a naḋḃarsin sirim daṫċuinge oraiḃ, a ḋearḃraiṫreaċa, tré trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫaḃairt na ḃéo-ioḋbairt, náoṁṫa, geanaṁail do Ḋía, ḃur seirḃís réusúnta.
Is iad so bríaṫra an ċunnarṫa, noċ do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóisi do ḋéanaṁ ré cloinn Israel a ttír Ṁoaib, táoḃ amuiġ don ċunnraḋ do rinne sé ríu ann Hóreb.
¶ Agus do ġoir Maóíse ar Israel uile, agus a duḃairt riú, Do ċoncaḃair a nuile ni do rinne an TIĠEARNA as coinne ḃur súl a ccríċ na Hégipte ré Ṗárao, agus ré na ṡeirḃíseaċuiḃ uile, agus ré na ḋúṫaiġ uile;
Annois ar a naḋḃarsin bíoḋ eagla an TIĠEARNA oruiḃ, agus foġnaiḋ ḋó a ngloine agus a ḃfírinne: agus cuiriḋ uáiḃ na dée dar ġéilleadar ḃur naiṫre don taóiḃ oile don tuile, agus annsa Negipt; agus déanuiḋ serḃís don TIĠEARNA.