23 Os a ċionn sin ar mo ṡonsa, nár léigiḋ Día go ndéanuinn peacaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA an sgur do ġuiḋe ar ḃur son: aċd múinfiḋ mé ḋíḃ an tsliġe ṁaiṫ ḋíreaċ:
Annsin cluinse a ḃflaiṫeaṁnus, agus maiṫ peacaḋ do ṡerḃíseaċ, agus do ṗobail Israel, go múiniḋ tú ḋóiḃ an tsliġe ṁaiṫ iona siuḃoluid síad, agus taḃair fearṫuinn annsa tír, noċ ṫug tú dot ṗobal mar oiġreaċd.
Ann sin cluinsi ó neaṁ, agus maiṫ peacaḋ do ṡeirḃiseaċ, agus do ṗobuil Israel, a núair ṁúinfeas tú an tsliġe ṁaiṫ ḋóiḃ, ionar coír ḋóiḃ siuḃal; agus cuir fearṫuinn air an ttalaṁ, noċ ṫug tú dot ṗobal mar oiġreaċd.
Agus tárla ar a ṁáraċ, go nduḃairt Maóise ris an bpobal, Do rinneaḃair peacaḋ mór: agus annois raċa misi suas gus an TIĠEARNA; dob éidir go ndéanuinn sioṫċáin ar son ḃur bpeacaiḋ.
Agus do cluinfid do ċlúasa focal táoḃ ṡíar ḋíot, ḋá ráḋ, Sí so an tsliġe, siuḃluiġiḋ innte, a nuáir ḟillfiḋe ar an láiṁ ḋeis, agus a nuáir ḟillfiḋe ar an láiṁ ċlé.
Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Gioḋ go seasfaḋ Maoise agus Samuel am ḟiaḋnuisi, ṫairis sin nior ḃféidir minntinn do ḃeiṫ leis an muinntirsi: teilg amaċ as mo raḋarc íad, agus éirġidís amaċ.
Aċt más faiġe íad, agus má atá bríaṫar an TIĠEARNA léo, déanaidis anois eadarġuiḋe ċum TIĠEARNA na slóġ, ċor naċ ttíaġaid na sóiġṫiḋe do fágḃaḋ a ttiġ an TIĠEARNA, agus a ttiġ ríġ Iúdah, agus ann Ierusalem, don Ḃabilóin.
Ann sin a dúḃairt Ieremiah an fáiġ riú, Do ċúala mé siḃ; féuċ, guiḋfiḋ mé ċum an TIĠEARNA ḃur Ndía do réir ḃur mbríaṫar; agus tiucfuiḋ a ccríċ, giḋ bé ar biṫ ni ḟreagorus an TIĠEARNA ḋíḃsi, go ḃfoillseoċa mé ḋíḃ é; ní ċoinneoċad aóinní ar ccúl uáiḃ.
Is marso a deir an TIĠEARNA, Seasuiḋ annsna sliġṫiḃ, agus féuċuiḋ, agus íarruiḋ na seanċasáin, cáit a ḃfuil an tsliġe ṁaiṫ, agus siuḃluiġiḋ innte, agus do ġeaḃṫaói suáiṁneas da ḃur nanam. Aċt a dúḃradarsan, Ní ṡíuḃoluimne innte.
Oír bíoḋ go ndeanuinn an soisgéul do ṡeanmóruġaḋ, ní ḃfuil aḋḃar máoiṫfeaċuis agam: do ḃríġ go ḃfuil sé na éigean oram; agus, as trúaġ ḋaṁ, muna ndéana mé an soisgéul do ṡeanmóruġaḋ!
Uime sin, ón lá fá gcúalamar, ní sguirmíd dá ḃeiṫ ag úrnuiġe ar ḃur son, agus ag aṫċuinġe siḃse do ḃeiṫ líonta déolas a ṫoilesion a nuile éagna agus ṫuidge sbioradalta;
Ḃeirim buiḋeaċas ré Día, da ndéanuim seirḃís ag leanṁuin luirg na sinnsear maille ré coinnsías glan, fá ċuiṁne ḃeiṫ agam ortsa do ġnaṫ am úrnuiġiḃ do ló agus doiḋċe;
Agus a duḃradar an pobal uile re Samuel, Guiḋ do ṪIĠEARNA Día air son do ṡeirḃíseaċ, go naċ ḃfaġam bás: óir do ċuireamar a gcionn ar bpeacaiḋ uile an tolcso, ríġ íarruiḋ dúinn féin.