2 Agus anois, féaċaiḋ, atá an ríġ ag siuḃal roṁuiḃ: agus atáimsi sean agus ceinnlíaṫ; agus, féaċuiḋ, atáid mo ṁic aguiḃ: agus do ṡiuḃail mé roṁuiḃsi óm naóiḋeantaċd gus a niuġ.
Noċ ḟéadfas dul amaċ rompa, agus ḟéadfus dul a steaċ rompa, agus noċ ṫreóroċus amaċ íad, agus noċ do ḃéara a steaċ íad; go naċ biáiḋ coṁċruinniuġaḋ an TIĠEARNA mar ċáorċa ag naċ bía áoḋuire.
Agus do ġoir Iosua ar Israel uile, agus ar a seanóiriḃ, agus ar a cceannuiḃ, agus ar a mbreiṫeaṁnuiḃ, agus ar a noifigeaċuiḃ, agus do ráiḋ sé ríu, Atáimsi foirfe, agus aosta a mblíaḋnuiḃ:
¶ Anois do ḃí Elí ro ḟoirfe, agus do ċúalaiḋ sé a ndeárnadar a ṁic re Hisrael uile; agus mar do luiġedís ris na mnáiḃ do ċruinniġeaḋ ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.
Cred fá bpreabann siḃ air míoḋbairt agus air mofráil, noċ do órduiġ mé ann mo ṫiġ; agus go nonóruiġíonn tú do ṁic ós mo ċionnsa, da ḃur ndéanaṁ féin méiṫ le príoṁċuid gaċá hofrála mo ṗobail Israel?
Agus ṫáinic an TIĠEARNA, agus do ṡeas, agus do ġoir mar na húairiḃ oile, A Ṡamuel, a Ṡamuel. Ann sin do ḟreagair Samuel, Laḃair; oír cluiniḋ do ṡeirḃiseaċ ṫú.
Oír dinnis mé ḋó go mbéaruinn breaṫ ar a ṫiġ go bráṫ ar son a nuilc as aiṫniḋ ḋó feín; do ḃriġ go ndearnadar a ṁic íad féin malluiġ, agus nar ṫoirmisg seision íad.