Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 12:19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus a duḃradar an pobal uile re Samuel, Guiḋ do ṪIĠEARNA Día air son do ṡeirḃíseaċ, go naċ ḃfaġam bás: óir do ċuireamar a gcionn ar bpeacaiḋ uile an tolcso, ríġ íarruiḋ dúinn féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 12:19
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Uime sin annois aisig don ḟior a ḃean; óir is faiḋ é, agus guiḋfiḋ ar do ṡon, agus bíaiḋ tú beó: agus muna aisiogṫa tú í, bíoḋ a ḟios agad go ḃfuiġe tú bás go deiṁin, ṫú féin agus an ṁeid ġaḃus leaċd.


Do ḃeir sé air teaċt, más air son smaċtuġaḋ, nó ar son a ḟearuinn, nó ar sou trócaire.


Uimesin glacuiḋ ċugaiḃ anois seaċd mbulóga agus seaċd reiṫe, agus éirġiḋ a cceann mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób, agus ofraluiḋ súas ar ḃur son féin íoḋbuirt loisge; agus gúiḋfiḋ mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób ar ḃur son: óir glacfuiġ misi leis: deagla go ndéanuinn riḃ do réir ḃur leiṁe, do ċionn nar laḃraḃair orum an ní is ceart, mar mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób.


Annois ar a naḋḃarsin íarruim daṫċuinġe ort, maiṫ mo ṗeacaḋ a néanuáirse aṁáin, agus guiḋiḋ an TIĠEARNA ḃur Ndía, go mbeireaḋ se aṁáin an bás so uaim.


Agus tárla ar a ṁáraċ, go nduḃairt Maóise ris an bpobal, Do rinneaḃair peacaḋ mór: agus annois raċa misi suas gus an TIĠEARNA; dob éidir go ndéanuinn sioṫċáin ar son ḃur bpeacaiḋ.


Guiḋiḋ an TIĠEARNA naċ bía ní is mó do ṫóirniġ ṁóir nó do ċloċṡneaċda; óir is lór a ndéarnaḋ, agus léigfe misi ḋíḃ imeaċ, agus ní ḟanfuiḋ siḃsi níos sía.


A ṪIĠEARNA, iona ṁuáiḋreaḋ ṫangadar ar cuáirt ċugadsa, do ḋóirteadar amaċ urnaiġ a nuáir ṫáinic do smaċduġaḋsa orra.


Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Gioḋ go seasfaḋ Maoise agus Samuel am ḟiaḋnuisi, ṫairis sin nior ḃféidir minntinn do ḃeiṫ leis an muinntirsi: teilg amaċ as mo raḋarc íad, agus éirġidís amaċ.


Aċt más faiġe íad, agus má atá bríaṫar an TIĠEARNA léo, déanaidis anois eadarġuiḋe ċum TIĠEARNA na slóġ, ċor naċ ttíaġaid na sóiġṫiḋe do fágḃaḋ a ttiġ an TIĠEARNA, agus a ttiġ ríġ Iúdah, agus ann Ierusalem, don Ḃabilóin.


Agus do ċuir Sedeciah an ríġ Iehucal ṁac Selemiah agus Seṗaniah ṁac Maaseiah an sagart ċum a nfáiġ Ieremiah, ġa ráḋ, Guiḋ a nois ċum an TIĠEARNA ar Ndía air ar son.


Agus a dúḃradar ris an ḃfáiġ Ieremiah, Guiḋmid ṫú, tuiteaḋ ar ngearán ad laṫair, agus guiḋ air ar son ċum an TIĠEARNA do Ḋía, eaḋon ar son a nfuiġillsi uile; (óir níor fágḃaḋ aguinn aċd beagán do ṁórán, mar do ċíd do ṡúile sinn:)


Anois, íarruim daṫċuinge oruiḃ, guiḋiḋ Día íondus go mbía sé grásaṁuil dúinn: is dá ḃur ttáoiḃsi ṫainicso: an mbiáiḋ suim aige ann ḃur bpearsannuiḃ? a deir TIĠEARNA na slóġ.


¶ Uimé sin tangadar an pobal ċum Maóise, agus a duḃradar, Do ṗeacuiġeamar, óir do laḃramar a naġaiḋ an TIĠEARNA agus ad aġaiḋsi; guiḋ an TIĠEARNA, gó mbeireaḋ na naiṫreaċa niṁe uáinn. Agus do ġuiḋ Maóise ar son an ṗobail.


Agus ar ḃfreagra do Ṡíomón, a duḃairt sé, Guiḋiġse an Tiġearna ar mo ṡon, gan ní ar biṫ do na neitiḃse a duḃraḃair do ṫeagṁail daṁ.


Agus sáḃálfuiḋ urnuiġe an ċreidiṁ an teaslán, agus tóigéaḃuiḋ an Tíġearna súas é; agus má rinne sé peacuiġ, do ġeaḃuiḋ sé maiṫeaṁnas ionnta.


Dá ḃfaiciḋ éinneaċ a ḋearḃráṫair ag peacuġaḋ a bpeacaḋ naċ ḃfuil ċum báis, íarraiḋ sé, agus do ḃéura sé beaṫa don tí naċ déun peacaḋ ċum báis. Ata peacaḋ ann ċum báis: ní air a ṡon sin a deirim leis guíḋe.


Anois ar a naḋḃarsin, féaċaiḋ an ríġ do ṫoġaḃáir, agus díarraḃair! agus, féaċuiḋ, do ċuir an TIĠEARNA ríġ ós ḃur gcionn.


Naċ é fóġṁar na cruiṫneaċda a niuġ? guiḋfiḋ misi an TIĠEARNA, agus cuirfiḋ sé tóirneaċ agus fearṫuinn; ċor go ttuigfiḋe agus go ḃfáicṫi gur mór ḃur gcionta, noċ do rinneaḃair a laṫair an TIĠEARNA, a níarruiḋ ríġ ḋíḃ féin.


¶ Agus a duḃairt Samuel ris an bpobal, Ná bíoḋ eagla oruiḃ: (do rinneaḃair na cionta sa uile: giḋeaḋ ná héirġiḋe do leaṫṫaóiḃ ó leanṁuin an TIĠEARNA, aċd aḋraiḋ an TIĠEARNA maille re ḃur nuile ċroiḋe;


Os a ċionn sin ar mo ṡonsa, nár léigiḋ Día go ndéanuinn peacaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA an sgur do ġuiḋe ar ḃur son: aċd múinfiḋ mé ḋíḃ an tsliġe ṁaiṫ ḋíreaċ:


Agus a duḃairt Samuel, Cruinniġiḋ Israel uile go Mispeh, agus guiḋfiḋ misi ar ḃur son ċum an TIĠEARNA.


Agus a duḃradar clann Israel ré Samuel, Ná sguir dá ḃeiṫ ag coṁairc ċum an TTIĠEARNA Día air ar soinne, go ttárṫuiġ sé sinn as láiṁ na Bṗilistineaċ.


¶ Aċ níor ṫaitin an ċúis re Samuel, a nuáir a duḃradar, Taḃair ríġ ḋúinn dar ríaġlaḋ. Agus do ġuiḋ Samuel an TIĠEARNA.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ