18 ¶ Mar sin do ġoir Samuel ar an TTIĠEARNA; agus do ċuir an TIĠEARNA tóirneaċ agus fearṫuinn an lá sin: agus do ġaḃ eagla ṁór an pobal uile roiṁe an TTIĠEARNA agus roiṁe Ṡamuel.
Marsin do ċuáiḋ Ahab súas diṫe agus dól. Agus do ċuáiḋ Elias súas go mullaċ Carmel; agus do ṫeilg sé é féin síos ar an ttaluṁ, agus do ċuir a aġaiḋ eidir a ġlúiniḃ.
¶ Annsin do ċruinniġeadar fir Ḃeniamin agus Iúdah íad féin a ccionn a ċéile go Hierusalem táoḃ a stiġ do ṫrí lá. Do bí sin an náoiṁaḋ mí, agus an fiṫċead lá don ṁí; agus do ṡuiġ an pobal úile a sráid ṫiġe Dé, ar criṫ ar son na cúisesi, agus na fearṫanna ṁóire.
Agus do ċonnairc Israel a nobair ṁór sin do rinne an TIĠEARNA ar na Hégiptiḃ: agus do ḃi eagla an TIĠEARNA ar an bpobal, agus do ċreideadar an TIĠEARNA, agus a ṡerḃíseaċ Maóise.
¶ Ann sin do laḃair Iosua ris an TTIĠEARNA an sa lá ṫoirḃir an TIĠEARNA na Hámorítiġ súas roiṁe ċloinn Israel, agus a duḃairt sé a raḋarc Israel, A ġrían, fan ad ċoṁnuiġe ar Ġibeon; agus a ġealaiḋ, a ngleann Aialon.