Agus a duḃairt Maóise ris an bpobal, Ná bíoḋ eagla oruiḃ, fanuiḋ ḃur seasaṁ, agus féuċuiḋ tárṫáil an TIĠEARNA, noċ ṫaisbéanfás sé ḋíḃ a niuġ; óir na Hégiptiġ do ċoncaḃair a niuġ, ní ḟaicfiḋe íad a rís go bráṫ.
Agus do ċonnairc Israel a nobair ṁór sin do rinne an TIĠEARNA ar na Hégiptiḃ: agus do ḃi eagla an TIĠEARNA ar an bpobal, agus do ċreideadar an TIĠEARNA, agus a ṡerḃíseaċ Maóise.
Anois ar a naḋḃarsin fanuiḋ ḃur seasaṁ, go ndéarna mé aiḋnios riḃ a laṫair an TIĠEARNA, fá uile ġníoṁraḋ ceart an TIĠEARNA, noċ do rinne sé ḋíḃse agus dá ḃur naiṫriḃ.