Agus a duḃairt Samuel ris an bpobal uile, Féaċuiḋ an té do ṫoġ an TIĠEARNA, naċ ḃfuil aon cosṁuil ris a measc an ṗobail uile? Agus do ġáireadar an pobal uile, agus a duḃradar, Go mairiġ an riġ.
Agus do ċúadar an pobal uile go Gilgal; agus do rinneadar ríġ do Ṡaul ann sin a laṫair an TIĠEARNA a Ngilgal; agus annsin do ioḋbradar ióḋbarṫa ofrála síoṫċána a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA; agus ann sin do rinne Saul agus clanna Israel uile gáirdeaċus mór.
Naċ é fóġṁar na cruiṫneaċda a niuġ? guiḋfiḋ misi an TIĠEARNA, agus cuirfiḋ sé tóirneaċ agus fearṫuinn; ċor go ttuigfiḋe agus go ḃfáicṫi gur mór ḃur gcionta, noċ do rinneaḃair a laṫair an TIĠEARNA, a níarruiḋ ríġ ḋíḃ féin.
Agus a duḃradar an pobal uile re Samuel, Guiḋ do ṪIĠEARNA Día air son do ṡeirḃíseaċ, go naċ ḃfaġam bás: óir do ċuireamar a gcionn ar bpeacaiḋ uile an tolcso, ríġ íarruiḋ dúinn féin.
Agus ar son hassal do ċuaiḋ a muġa trí lá ó ṡin, ná cuir do ṁeanma orra; óir do fríṫ íad. Agus cía ar a ḃfuil uile ḟonn Israel? naċ ortsa atá, agus ar ṫiġ haṫar uile?