Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 12:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus do éiġṁeadar ċum an TIĠEARNA, agus a duḃradar, Do ṗeacuiġeamar, do ḃríġ gur ṫréigeamar an TIĠEARNA, agus gur aḋramar Báalim agus Astárot: aċd a nois sáor sinn as láṁuiḃ ar náṁad, agus do ḋéanam seirḃís duit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 12:10
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt giḋeaḋ do ċonnairc sé an tan do ḃíoḋ anacair orra, a nuáir do ċúalaiḋ sé a néiġṁe:


A ṪIĠEARNA, iona ṁuáiḋreaḋ ṫangadar ar cuáirt ċugadsa, do ḋóirteadar amaċ urnaiġ a nuáir ṫáinic do smaċduġaḋsa orra.


Oír isé an TIĠEARNA ar mbreiṫeaṁ, isé an TIĠEARNA taḃarṫaċ ar ndliġe, isé an TIĠEARNA ar ríġ; cuiṁdeoċuiḋ sé sinn.


Agus leaṫ Gílead, agus Astárot, agus Edrei, caiṫreaċa do rioġaċd Og a Mbásan, noċ do ḃain re cloinn Ṁaċir ṁíc Manasseh, eaḋon do leaṫ ċloinne Maċir do réir a mumtear.


¶ Agus déiġṁeadar clann Israel ċum an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Do ṗeacuiġeamairne ad aġaiḋ, do ċionn gur ṫréigiomar aráon ar Ndía féin, agus gur aḋramar Báalim mar an gcéadna.


Agus do rinneadar clann Israel olc a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA, agus do rinneadar seirḃís do Ḃáalim:


Agus do ṫréigiodar an TIĠEARNA, agus do aḋradar Báal agus Astárot.


Aċ a nuair do éiġṁeadar clann Israel ar an TTIĠEARNA, do ṫóg an TIĠEARNA sáorṫóir súas dóiḃ, Ehud ṁac Géra, Beniamiteaċ, duine cle‐laṁaċ, agus do ċuireadar clann Israel, tioḋlacaḋ leis ċum Eglon ríġ Ṁoab.


Agus do rinneadar clann Israel olc a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ḋearmuid síad an TIĠEARNA a Ndía féin, agus do aḋradar Baalim agus ná garráin.


Agus a nuáir do éiġṁiodar clann Israel ar an TTIĠEARNA, do ṫóg an TIĠEARNA súas fear sáorṫa do ċloinn Israel, nóċ do ṫárrṫuiġ íad, eaḋon Otniel ṁac Cénas, an dearḃraṫair dob óige ag Cáleb.


Agus déiġṁeadar clann Israel ċum an TIĠEARNA: óir do ḃí aige naói gcéud carbad íaruinn; agus do ṡáruiġ sé go hanṁór clann Israel ḟiṫċe ḃaḋan.


¶ Agus tárla, a nuáir déiġṁeadar clann Israel ċum an TIĠEARNA do ḃríġ na Mídianaċ,


Agus tárla, an feaḋ do ḃí an náirc na coṁnuiġe ann Círiat‐Iárim, go raiḃ a naímsir fada; óir bá fiṫċe blíaḋan é: agus do ḃí tiġ Israel uile ag déanaṁ doilġis a ndíaiġ an TIĠEARNA.


Agus do ċruinniġeadar a ḃfoċair a ċéile go Mispeh, agus do ṫairngeadar uisge, agus do ḋoirteadar amaċ é a laṫair an TIĠEARNA, agus do ṫroisgeadar an lásin, agus a duḃradar annsin, Do ṗeacuiġeamar a naġaiḋ an TIĠEARNA. Agus do rinne Samuel breiṫeaṁnus ar ċloinn Israel a Mispeh.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ