Agus tarla, ar ball a ttáinic sé láiṁ ris an gcampa, go ḃfacaiḋ se an láoġ, agus an daṁsa: agus do ġríosuiġ fearg Ṁaóisi, agus do ṫeilg sé na cláir as a láṁuiḃ, agus do ḃris fáoi ḃun an tsleiḃe íad.
Agus ar ḃfeaċain go feargaċ orrṫasan na ṫímċeall, ar ngaḃáil dóilġis ċuige ar son ċrúais a gcróiḋeaḋsan, a duḃairt sé ris an duine, Sín a maċ do láṁ. Agus do ṡín: agus do haiseagaḋ a láṁ slán mar an láiṁ eile.
¶ Ann sin ṫáinic spiorad an TIĠEARNA ar Ieṗtah, agus do ċúaiḋ sé ṫar Ġílead anonn, agus ṫar Ṁanasseh, agus do ċuáiḋ ṫar Ṁispeh Ġílead, agus ó Mispeh Ġílead do ġluáis e ṫairis go ċloinn Ammon.
Agus ṫáinic spiorad an TIĠEARNA go cuṁaċdaċ air, agus do réub sé e mar do réabfaḋ meannán, agus ní raiḃ éinní aige iona laíṁ: aċd níor innis dá aṫair nó ḋá ṁaṫair cred do rinne sé.
¶ Agus a nuaír ṫáinic sé go Lehi, do ġáireadar na Ṗilistíniġ na aġaiḋ: agus táinic spiorad an TIĠEARNA go cuṁaċdaċ airsion, agus do ḃádar na córduiḋ do ḃí ar a láṁuiḃ mar líon do loisgfiḋ lé teiniḋ, agus do scaóileadar a ċeangail dá láṁuiḃ.
Agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA air, agus do ḃreaṫnuiḋ sé an Israel, agus do ċúaiḋ amaċ do ḋéanaṁ cogaiḋ: agus ṫug an TIĠEARNA Ċusan‐risataim ríġ Ṁesopotámia ann a láiṁ; agus do búaḋuiġ a láṁ a naġaiḋ Ċusanrisataim.
Agus a núair ṫangadar ann sin ċum an ċnoic, féaċ, tárla cuideaċda do ná fáiġiḃ ris; agus ṫaínic spiorad Dé airsion, agus do rinne sé fáiġeadóireaċd mar aon riú.
Ann sin do ġlac Samuel a naḋarc ola, agus do ungaiḋ eision a lár a ḋearḃráiṫreaċ: agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA ar Ḋáiḃi ón lósin amaċ. Ann sin déiriġ Samuel súas, agus do ċúaiḋ go ramah.