2 Agus do ḟreagair Nahas an Tammoniteaċ íad, Ar an naċdso do ḋéana mé cunraḋ riḃ, ḃur súile deasa uile do ḃuáin asuiḃ, agus a dtaḃairt mar ṁasla Dísrael uile.
Ná tugaiḋ éisteaċd do Heseciah: óir is mar so deir ríġ na Hassíria, Déunuiḋ réiteaċ riomsa maille re coṁuiḋ, agus tigiḋ amaċ ċugam, agus annsin iṫeaḋ gaċ áon aguiḃ dá ḟíneaṁuin féin, agus gaċ áon da ċrann fíge, agus iḃeaḋ gaċ áon duisge a ṫobair féin:
A duḃairt sé ós a ċionn sin fós, Is misi Día haṫar, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob. Agus do ḟoluiġ Máoisi a aġuiḋ; óir dob eagal leis féacuin ar Ḋía.
Tuilléaṁ fós ní ṫug tú sinn go tír líonus do ḃainne agus do ṁil, agus ní mó ṫug tú oiġreaċd fearuinn nó fíneaṁna ḋúinn: an gcuirfe tú súile na ndáoine amaċ? ní raċuimne súas.
¶ Aċ do ġaḃadar na Ṗilistiniġ é, agus do ḃeanadar a ṡuile as, agus rugadar síos go Gasa é, agus do ċeangladar é le boltuiġiḃ praís; agus do ḃí sé ag meilt a ttiġ an ṗríosúin.
Agus a nuáir do ċonncaḃair go ttáinic Nahas ríġ ċloinne Ammon ḃur naġaiḋ, a duḃraḃair riomsa, Ni heaḋ; aċd biáiḋ ríġ ós ar gcionn: a nuáir gur ḃé ḃur TTIĠEARNA Día fá ríġ ḋíḃ.
Agus do laḃair Dáiḃi ris na dáoiniḃ, do ṡeas láiṁ ris, ġá ráḋ, Cred do ḋéantar ris an té ṁarḃus an Ṗilistineaċsa, agus ṫóigfeas a ṁioċlú do Israel? óir cía hé an Ṗilistineaċ neiṁṫimċillġeárrṫasa, asa ngreinneoċaḋ sé slúaġ Dé ḃí?