Aċt ná híarruiḋ Bet‐el, agus ná héirġiḋ a steaċ go Gilgal, agus ná gluáisiġ go Beer‐seba: óir raċfuiḋ Gilgal go deiṁin a mbraiġdionas, agus raċfuiḋ Bet‐el a neiṁní.
Agus raċaiḋ tú síos roṁamsa go Gilgal; agus, féaċ, tiucfá misi siós ċugad, dofráil ofrala loisge, agus díoḃairt íoḋbarṫa ofrala sióṫċána: seaċd lá ḟanfas tú go tti misi ċugad, agus go ttaisbeanuiḋ mé ḋuit créd ḋéanfas tú.
¶ Agus a nuáir déirġeadar muinntir Asdod go múċ ar na ṁáraċ, féaċ, do ḃí Dagon ar ttuitim ar a aġaiḋ fa ṫaluṁ a ḃfiaḋnuise airce an TIĠEARNA. Agus do ṫógḃadar Dágon, agus do ṡuiḋeadar na áit féin a rís é.
Agus do imṫiġeaḋ ó ḃlíaḋain go blíaḋain ar ċuáirt‐timċill go Bétel, agus Gilgal, agus Mispeh, agus do nioḋ sé breiṫeaṁnus ar Israel ann gaċ áit ḋíoḃ sin.