Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 11:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 An sin ṫáinic Nahas an Tammóniteaċ súas, agus do rinne campa as coinne Iabes‐Gílead: agus a duḃradar muinntir Iabes‐Gílead uile re Nahas, Déana cunnraḋ riune, agus uiṁleoċam ḋuit.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 11:1
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃradarsan, Do ċoncamair go raiḃ an TIĠEARNA go déiḃin leaċtsa: agus a duḃramar, Bíoḋ a nois mionna eadruinn, eadra sinne agus tusa, agus déunam ceangal riot;


Agus tárla na ḋíaiġ so, go ḃfuair ríġ ċloinne Ammon bás, agus gur ríoġaiḋ Hanun a ṁac ann a áit.


Ann sin a duḃairt Dáiḃi, Taisbeanfuiḋ mé muinntearḋus do Hanun ṁac Nahas, mar do ṫaisbéin a aṫair cinéul daṁsa. Agus do ċuir Dáiḃi daóine ḋá ṡerḃíseaċaiḃ dá ṁeisniuġaḋ ar son a aṫar. Agus tangadar séirḃísiġ Ḋáiḃi a steaċ go dúiṫċe ċloinne Ammon.


¶ Agus tárla, a núair do ḃí Dáiḃi ar tteaċd go Mahanaim, go ttug Sobi ṁac Nahas ó Rabbah do ċloinn Ammon, agus Maċir ṁac Ammiel ó Lodebar, agus Barsillai an Gileadíteaċ ó Rogelim,


¶ Agus do ċuir Dáiḃi teaċda go muinntir Iabes‐gílead, agus a duḃairt sé ríu, Go maḋ beannuiġ siḃ ón TTIĠEARNA, noċ do ṫaisbéin an cinéulsa dá ḃur ttiġearna, do Ṡaul, agus do aḋlaic é.


Agus a duḃairt Ben‐hadad ris, Na caiṫreaċa, do ḃain maṫairsi dot aṫairsi, aiseoguiḋ misi íad; agus do ḋéana tú sráide ḋuit féin ann Damascus, mar do rinne maṫairsi a Samária. Annsin a duḃairt Ahab, Cuirfeadsa ar siuḃal ṫú ar an gcunnraḋsa. Mar sin do rinne sé cunnraḋ ris, agus do léig sé ar siuḃal é.


¶ Agus a nuáir do ċúaladar muinntir Iabes‐gílead uile gaċa ndearnadar na Ṗilistiniġ re Saul,


Déirġeadar, na daóine curata uile, agus rugádar corp Ṡauil leó, agus cuirp a ṁac, agus ṫugadar go Iábes íad, agus do aḋlaiceadar a ccnáṁa fáoi an daruiġ ann Iábes, agus do ṫroisgeadar seaċd lá.


A ndéana sé cunnraḋ riot? an nglacfa tú mar ṡerḃíseaċ go bráṫ é?


Ni ḋéana tú cunnraḋ ar biṫ riú, no ré na ndeéiḃ.


Ná héistiġ re Heseciah: oir is marso a deir ríġ na Hassíria, Déanaiḋ réiteaċ riomsa maille re cúṁa, agus tigiḋ amaċ ċugam: agus iṫeaḋ gaċ aon aguiḃ dá ḟíneaṁuin, agus gaċ aon da ċrann fíge, agus iḃiḋsi gaċ áon aguiḃ uisge a ṫiubraide féin;


Mar an ccéadna a nuáir do ċúaladar na Iúduiġe uile do ḃí ann Moab, agus a measc na Nammoníteaċ, agus ann Edom, agus an drong do ḃí annsna huile ṫíorṫuiḃ, gur ḟág ríġ na Babilóine fuiġioll do Iúdah, agus gur ċuir sé Gedaliah ṁac Ahicam ṁic Saṗan ós a ccionn;


Agus a dúḃradar ris, Ann ḃfeidir tusa go dearḃṫa gur ċuir Baalis ríġ na Nammoníteaċ Ismael ṁac Netániah dod ṁarḃaḋ? Aċt níor ċreid Gedaliah ṁac Ahicam íad.


Agus do ġlac sé do ṡíol an ríġ, agus do rinne sé cunnraḋ ris, agus do ḃean sé mionna ḋe: do ġaḃ sé fós cuṁaċtaiġe na tíre:


¶ An Tammoníteaċ agus an Moabíteaċ ní raċuid síad a gcoṁṫionól an TIĠEARNA; eaḋon go nuige an deaċṁaḋ glún ní raċuid a gcoṁṫionol an TIĠEARNA go bráṫ:


Agus do ḃí fearg an TIĠEARNA ar lasaḋ a naġaiḋ Israel, agus do réac sé rad a láṁuiḃ na Ḃpilistíneaċ, agus a láṁuiḃ ċloinne Ammon.


¶ Agus tárla a ccion aimsire, go ndearnadar clann Ammon cogaḋ a naġaiḋ Israel.


¶ Agus a duḃradar, Cía an duine do ṫreiḃ Israel naċ dtáinic súas go Mispeh ċum an TIĠEARNA? agus, feaċ, ní ṫaínic éainneaċ don ċampa ó Iabes‐Gílead ċum an ċoṁċruinniġ.


Agus a nuáir do ċonncaḃair go ttáinic Nahas ríġ ċloinne Ammon ḃur naġaiḋ, a duḃraḃair riomsa, Ni heaḋ; aċd biáiḋ ríġ ós ar gcionn: a nuáir gur ḃé ḃur TTIĠEARNA Día fá ríġ ḋíḃ.


¶ Marsin do ġaḃ Saul an rioġaċd ós cionn Israel, agus do ċaṫaiġ a naġaiḋ a náṁad a nuile ṫáoḃ, a naġaiḋ Ṁóab, agus a naġaiḋ ċloinne Ammon, agus a naġaiḋ Edom, agus a naġaiḋ ríġ Sóbah, agus a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ: agus giḋ bé taoḃ a niompoiġeaḋ é féin, do ḃúaiḋreaḋ íad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ