9 ¶ Agus is amnlaiḋ do ḃí, a núair do iompoiġ sé a ċúl dimṫeaċd ó Ṡamuel, go ttug Día croiḋe oile ḋó: agus tangadar na coṁarṫuiġ so uile a ccríċ an lá sin féin.
Do ḃéara mé fós croiḋe núaḋ ḋiḃ, cuirfiḋ mé spiorad núaḋ a stiġ ionnuiḃ: agus beanfa mé an croiḋe cloċaṁail amaċ as ḃur ḃfeóil, agus do ḃéara mé croiḋe féola ḋiḃ.
Agus annsin do ċuir aingeal an TIĠEARNA ceann an ḃata do ḃí na láiṁ amaċ, agus do ḃean ris an ḃféoil agus na haránuiḃ gan loiḃín; agus do éiriġ teiniḋ súas as an gcarruig, agus do loisg a nfeóil agus na bairġiona gan loiḃin. Annsin dimṫiġ aingeal an TIĠEARNA as a aṁarc.
Agus cluinfiḋ tú cred a déaruid síad; agus na ḋiáiġ sin neartoċar do láṁa do ḋul síos ċum an tslóiġ. Annsin do ċuáiḋ sé síos lé Ṗurah a ṡearḃfoġantuiġ gus an gcuid amuiġ do na daoiniḃ armṫa do ḃí san tslúaġ.
Ann sin do ġlac Samuel a naḋarc ola, agus do ungaiḋ eision a lár a ḋearḃráiṫreaċ: agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA ar Ḋáiḃi ón lósin amaċ. Ann sin déiriġ Samuel súas, agus do ċúaiḋ go ramah.
Agus tóigfe mé súas daṁ féin sagart lán dfirinne, noċ ḋéanas do réir mar atá ann mo ċroiḋe, agus ann minntinn: agus tóigfe mé tiġ daingion dó; agus siuḃoluiḋ sé roiṁe mo ungṫaċ go bráṫ.