Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 10:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus go maḋ haṁluiġ ḃías, a nuáir ṫíucfaid na coṁarṫuiġesi ort, go ndéana tú do reír mar ḃías ocáid agad; oír atá Día maille riot.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 10:7
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí Día leis an leanaṁ; agus do ḟás sé, agus do ċoṁnuiġ san ḃfásaċ, agus do ḃí na boġadóir.


Agus a duḃairt Nátan ris an ríġ, Eiriġ, déana a nuile ní atá fad inntinn; óir atá an TIĠEARNA maille leaċd.


Má lúaṫġáir mé do ḃríġ gur ṁór mo ṡaiḋḃrios, agus do ḃríġ go ḃfuáir mo láṁ mórán;


Agus tiucfa a gcríċ, muna ccreidid síad ṫú, agus naċ tiuḃruid éisdeaċd do ġuṫ an ċéadċoṁarṫa, go gcreidfid síad guṫ an ċoṁarṫa ḋeiġionuiġ.


Giḋ bé ní ġeaḃas do láṁ ré a ḋéanaṁ, déan é red ḋiṫċioll; óir ni ḃfuil obair, nó tionnsgnaṁ, nó éolus, nó eagna, ann sa nuáiġ, mar a raċa tú.


Uimesin do ḃéara an Tiġearna féin coṁarṫa ḋíḃ; Féuċaiḋ, toirrċeoṫar maiġdion, agus béaraiḋ sí mac, agus goirfiḋ Immanuel dainm ḋe.


Taḃair dod aire, bíaiḋ maiġdean tórraċ, agus bearuiḋ sí mac, agus do ḃéaruiḋ tú Emmanuel dainm air, noċ ar na ṁiniuġaḋ, iseaḋ, Día maille rinn.


Agus teaguisgiḋ íad gaċ uile ní dár, aiṫín misi ḋiḃ do ċoiṁéud: agus, féuċ, a táimsi ḃur ḃfoċair gaċ éinla go deireaḋ an tsaoġail. Amen.


Agus ag so coṁarṫa ḋíḃ; Do ġéuḃṫáoi an leanaḃ ceanguilte a ngiobluiḃ, na luiġe a mainnséur.


Ar a naḋḃarsin an tan do ċunncadar na dáoine sin, an coṁarṫa do rinne Iósa, a duḃradar, As é so gó fírinneaċ an fáiḋ úd do ḃí ċum teaċda air a tsáoġal.


Anuair raċus tú amaċ do ṫroid a naġuiḋ do náṁad, agus do ċífe tú eiċ, agus carbuid, agus daóine is lía na ṫú fein, ná bíoḋ eagla ort rompa: óir atá do ṪIĠEARNA Día maille riot, noċ ṫug amaċ as críċ na Hégipte ṫú.


Seaċnuiḋ siḃ féin ar ṡaint; go maḋ lór liḃ na neiṫe atá a laṫair aguiḃ: oír a duḃáirt sé, Ní ḋealoċa mé riot, agus ní ṫréigfead ṫú.


¶ Ní ḟéadfuiḋ éanduine seasaṁ ad aġuiḋ ar feaḋ láeṫe do ḃeaṫa: mar do ḃí mé lé Maóise, is mar sin ḃías mé leaċdsa: ní ḟailleoċa mé ort, ní mó ṫréigfios mé ṫú.


Náċ ar aiṫin misi ḋíot? Bí láidir agus lán ḃéoḋa; ná bíoḋ eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do ṪIĠEARNA Día maille leaċd giḋ bé áit a raċa tú.


Agus do ṫaiḃreaḋ aingeal an TIĠEARNA ḋó, agus a duḃairt sé ris, Atá an TIĠEARNA maille leaċd, a ḋuine neartṁair a ngaisgiḋ.


Agus is aṁluiḋ ḃías, ar maidín, coṁlúaṫ is éireoċus an ġrían, go néireoċuiḋ tusa go lúaṫ, agus ionnsuiġ an ċaṫair: agus, féuċ, anúair ṫiocfas séision agus na daóine atá na ḟoċair amaċ a taġaiḋ, ansin féudfuiḋ tú a ḋéanaṁ riú mar ġeaḃas tú cúis.


Agus bíáiḋ so na ċoṁarṫa agad, noċ ṫiucfas ar do ḋías mac, ar Hóṗni agus ar Ṗinehas; éagfuid aráon a néanló.


Go ndéarna an TIĠEARNA mar sin, agus níos roṁó re Ionatan: aċd más í ḃus toíl dom aṫair olc do ḋeánaṁ ḋuit, ansin foillseoċa mé ḋuit é, agus cuirfe mé ar siuḃal ṫú, lé a nimṫeoċa tú a síoṫcáin: agus go raiḃ an TIĠEARNA maille leaċd, mar do ḃí sé re maṫairse.


¶ Agus dfás Samuel, agus ḃí an TIĠEARNA maille leis, agus níor leig aonḟocal dá ċoṁráḋ tuitim ċum na talṁan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ