Agus tiucfa misi a nuas agus laḃeóra me riot annsin: agus beanfa mé don spioraid atá ortsa, agus cuirfe mé orrasan é; agus iomċóruid siad úalaċ na ndáoine leaċtsa, íonnus naċ niomċoruiḋ tusa leaċd féin é.
Agus táinic an TIĠEARNA a nuas a néull, agus do laḃair ris, agus do ṫóg cuid don spioraid do ḃí air, agus tug don tseaċdṁoḋad séanóir é: agus tárla, a nuáir do ċoṁnuiḋ an spiorad orrasan, go ndearnadar fáiġeadoireaċd, agus nár stadadar.
Aċd do ḟanadar días do na dáoiniḃ annsa ċampa, is é dob ainm do ḋuine aca Eldad, agus ainm an ḟir eíle Medad: agus do ċoṁnuiḋ an spiorad orra; agus do buḋ don luċd do ḃí scríoḃṫa íad, aċd ní ḋeaċadar amaċ ċum an tabernacuil: agus do rinneadar fáiḋeadóireaċd san ċampa.
Agus a duḃairt Maóise ris, An ḃfuil tnúṫ ortsa ar mo ṡonsa? do bfearr liom go mbeidís pobal an TIĠEARNA uile na ḃfáiġiḃ, agus go ccuirfeaḋ an TIĠEARNA a spiorad orra.
As iomḋa daóine a deuraiḋ ríum annsa la úd, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, a né naċ ad ainmsi do rinneamar fáiġeadóireaċd? agus ad ainmsi do ṫeilgeamar a maċ na deaṁain? agus do rinneamar iomad míorḃuileaḋ?
Agus ṫáinic spiorad an TIĠEARNA go cuṁaċdaċ air, agus do réub sé e mar do réabfaḋ meannán, agus ní raiḃ éinní aige iona laíṁ: aċd níor innis dá aṫair nó ḋá ṁaṫair cred do rinne sé.
¶ Agus a nuaír ṫáinic sé go Lehi, do ġáireadar na Ṗilistíniġ na aġaiḋ: agus táinic spiorad an TIĠEARNA go cuṁaċdaċ airsion, agus do ḃádar na córduiḋ do ḃí ar a láṁuiḃ mar líon do loisgfiḋ lé teiniḋ, agus do scaóileadar a ċeangail dá láṁuiḃ.
Agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA air, agus do ḃreaṫnuiḋ sé an Israel, agus do ċúaiḋ amaċ do ḋéanaṁ cogaiḋ: agus ṫug an TIĠEARNA Ċusan‐risataim ríġ Ṁesopotámia ann a láiṁ; agus do búaḋuiġ a láṁ a naġaiḋ Ċusanrisataim.
Agus a núair ṫangadar ann sin ċum an ċnoic, féaċ, tárla cuideaċda do ná fáiġiḃ ris; agus ṫaínic spiorad Dé airsion, agus do rinne sé fáiġeadóireaċd mar aon riú.
¶ Agus is amnlaiḋ do ḃí, a núair do iompoiġ sé a ċúl dimṫeaċd ó Ṡamuel, go ttug Día croiḋe oile ḋó: agus tangadar na coṁarṫuiġ so uile a ccríċ an lá sin féin.
Ann sin do ġlac Samuel a naḋarc ola, agus do ungaiḋ eision a lár a ḋearḃráiṫreaċ: agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA ar Ḋáiḃi ón lósin amaċ. Ann sin déiriġ Samuel súas, agus do ċúaiḋ go ramah.
Agus do ċuir Saul teaċda do ġaḃáil Dáiḃi: agus a nuáir do ċonncadar coṁċruinniuġaḋ na ḃfaiġeaḋ ag fáiġeadóireaċd, agus Samuel na ṡeasaṁ na uáċdarán ós a gcionn, do ḃí spiorad Dé ar ṫeaċduiḃ Ṡául, agus do rinneadarsan fós fáiġeadóireaċd.