Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 10:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Ann sin raċaiḋ tú ar haġaiḋ as sin, agus tiucfa tú go réiḋteaċ Tábor, agus teigeoṁuid triúr feár ḋuit annsin ag dul súas go Día go Bétel, duine ḋioḃ ag iomċar trí meannán, duine eile ag iomċar ṫrí mbuilín aráin, agus duine eíle ag iomċar buidéil fíona:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 10:3
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġoir Létel dainm do náitsin; aċ Lus bá hainm don ċaṫair sin ar ttus.


Agus an ċloċsa, do ċuir mé mar ṗiléir, biaiḋ na ṫiġ Dé: agus do nuile ní dá ttiuḃra tú ḋaṁ do ḃéura misi go dearḃṫa a ḋeaċṁaḋ ḋuitsi.


Agus a duḃairt Día ré Iácob, Eiriġ, imṫiġ súas go Bétel agus coṁnuiġ ann sin: agus déun altóir ann do Ḋía noċ do ḟoillsiġ é féin duit a nuáir do ṫeiṫ tú ó laṫair do ḋearḃraṫar Esau.


Agus éirġeam agus teannum súas go Bétel, agus do ḋéana misi altóir ann do Ḋía, noċ do ḟreagair mé a nam mo ċrúaḋóige, agus do ḃi liom ann gaċ sliġe ar ġaḃus.


Do ċruṫaiḋ tú buḋ ṫúaiḋ agus buḋ ḋeas: Tábor agus Hermon do ḋéanaid lúaṫġáire ann hainm.


Marsin ṫáinic Hanameel mac dearḃraṫar mo aṫar ċugamsa a ccúirt an ṗríosúin do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA, agus a dúḃairt sé riom, Guiḋim ṫú, ceannaiġ mo ṁaċaire, noċ atá ann Anatot, noċ atá á ttír Ḃeniamin: óir is leaċd ceart a oiġreaċta, agus is leaċd a ḟuasclaḋ; ceannuiġ ḋuit féin é. Annsin daiṫin mé gur bí sin bríaṫar an TIĠEARNA.


¶ Agus más do na tréaduiḃ ḃías a ioḋbuirt, do na cáorċuiḃ nó do na gaḃruiḃ, mar ofráil loiscṫe; do ḃéara leis é na ḟirionnaċ gan toiḃéim.


Agus buḋ hé a ofráil bíḋ sin ḋá ḋeiċ gcuid do ṗlúr ṁin ċumaiscṫe lé hola, mar ofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA mar ḃolaḋ cuṁra: agus a hofráil diġe sin is dfíon ḃias, eaḋon an ceaṫraṁaḋ cuid do hin.


¶ Agus má ḃíonn a ofráil na ngaḃar, ann sin ofrálfuiḋ sé é a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA.


¶ Agus má ḃíonn a ofráil ar son ioḋbarṫa ofrála sioṫċána don TIĠEARNA don tréud; ḟirionn nó ḃainionn, ofráilfiḋ sé é, gan ċáiḋe.


Táoḃ a muiċ dona cácuiḃ, ofráilfiḋ mar ofrail aran laiḃín maille ré ioḋbuirt ḃeirṫe ḃuiḋeaċuis dá ofráil ṡioḋa.


Agus filliḋ ó Ṡárid don táoiḃ ṡoír leaṫ re héirġe gréine go brúaċ Ċislot‐tabor, agus annsin teíd amaċ go Daberat, agus téid súas go Iaṗia,


Agus síniḋ an cósta go Tábor, agus go Sahasimah, agus go Bet‐semes; agus do ḃí dula amaċ a tteórann ag Iordan: sé caiṫreaċa deúg gun a mbailtiḃ.


¶ Agus déirġeadar clann Israel, agus do ċúadar súas go tiġ Dé, agus díarradar coṁairle ar Ḋía, agus a duḃradar, Cía haguinn raċus súas ar ttús do ṫroid a naġaiḋ ċloinne Beniamin? agus a duḃairt an TIĠEARNA, Raċaiḋ Iúda ar ttús.


Agus do ċúadar clann Israel súas agus do ġuileadar a laṫair an TIĠEARNA go tráṫnóna, agus díarradar coṁairle ar an TTIĠEARNA, ḋá raḋ, An raċa misi súas a rís ċum caṫa a naġaiḋ ċloinne Beniamin mo ḋearḃraṫair? Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Téiġiḋ súas ná aġaiḋ.


Agus dfíafruiġeadar clann Israel don TIĠEARNA, (óir do ḃí aírc ċunnarṫa Dé ann sinn ansna láeṫiḃsin,


Agus do ḟoillsiġeadar do Ṡisera go ndeaċaiḋ Bárac ṁac Abinoam súas go slíaḃ Tábor.


Agus do ċuir sí fios, agus do ġoir sí Bárac ṁac Abinoam amaċ as Cedesnaṗtali, agus a duḃairt sí ris, A né nar aiṫin an TIĠEARNA Día Israel, Eirġiḋ agus tarruiġ leaṫ ré slíaḃ Tábor, agus beir leaċd deiċ míle fear do ċloinn Naṗtali agus do ċloinn Sebulun?


¶ Ann sin a duḃairt seision re Sébah agus re Salmunna, Cred an tsaṁuil ḋaoine an luċd do ṁarḃaḃair a Ttábor? Agus do ḟreagradarsan, Mar atá tusa, is marsin do ḃádarsion; gaċ aon díoḃ a ccosaṁlaċd ċloinne ríġ.


Agus beinneoċuid síad duitsi, agus do ḃéaruid ḋá ḃuilín aráin duit, noċ ġlacfas tú as a láṁuiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ