27 Aċt a duḃradar clann Ḃélial, Cíondus ċuíṁdeoċus an fearso sinn? Agus do ċuireadar a neiṁní é, agus ní ṫugadar tioḋlacaḋ ar biṫ ċuige. Aċd do ḃí seision na ṫoċd.
Agus tárla go raiḃ óglaċ do Ḃelial annsin dar ḃamm Séba, ṁac Biċri, Beniamiteaċ: agus do ṡéid sé stoc, agus a duḃairt, Ní ḃfuil cuid ar biṫ aguinne a Ndáiḃi, ní mó atá oiġreaċd aguinn a mac Iesse: ṫéiġeaḋ, gaċ éanduine dá lóistín féin, O Israel.
Agus do ḃuáil sé Móab, agus do ṫoṁuis íad lé córda, ḋa tteilgion síos go talaṁ; eaḋon lé ḋá ċórda do ṫoṁuís sé do ṫaḃairt báis, agus le héanċórda iomlán do ċongṁáil béo. Agus do ḃádar na Móabitiġ ná searḃḟoġantuiġ ag Dáiḃi, agus tugadar tioḋlaicṫe léo.
Agus ṫugadar léo gaċ áon aca a ḃronntanus, soiṫiġe airgid, agus soiṫiġe óir, agus culaiḋeaċa, agus arm, agus spíosraḋ, eiċ, agus múilliġ, suim áiriġ gaċa blíaḋna.
Agus do ríaġluiḋ Solaṁ ós cionn a nuile rioġaċd ó naḃuinn go críċ na Ḃṗilistineaċ, agus go brúaċ na Hégipte: do ḃeirdís tioḋluicṫe leó, agus do rinneadar seirḃís do Ṡolaṁ ar feaḋ laéṫe a ḃeaṫa.
Agus do cruinniġeaḋ ċuigesion dáoine díoṁáoine, clann Ḃélial, agus do neartuiġeadar íad féin a naġaiḋ Rehoboam ṁic Soluiṁ, a nuaír do ḃí Rehoboam óg agus bogċroiḋṫeaċ, agus nar ḟéad cur na naġaiḋ.
Agus ar ndul a steaċ don tiġ, fúaradar an náoiḋe a ḃfoċair a ṁarṫar Muire, agus ag tuitiom síos, do onóruiġeadar é: agus an nosglaḋ a gcisdeaġ, ṫugadar tioḋluicṫe ḋó: ór, agus túis agus mirr.
An Máoise só do ḋíultadar, ag ráḋ, Cía rinne úaċdarán agus bréiṫeaṁ ḋíotsa? do ċuir Día é mar úaċdarán agus mar ḟear sáorṫa a láiṁ a naingil, do taiḃreaḋ ḋó sa dos.
Do ċúadar daóine áiriġ, clann ḃélial, amaċ as ḃur measg, agus do ṫairngeadar léo luċd áitriḃ a ccaiṫreaċ, ġá ráḋ, Gluaisiom agus déanum seirḃís do ḋeéiḃ eile, naċ ar ḃaiṫnid daóiḃ;
Anois ar a naḋḃar sin bióḋ a ḟios agad agus meas cred ḋéanas tú; óir do cínneaḋ olc a naġaiḋ ar maiġistir, agus a naġaiḋ a ṫiġe uile: óir sé a leiṫeíd sin do ṁac do Ḃélial é, naċ ḃféadann duine laḃaírt ris.